shéipéal do bhí ann, cheithre binn air agus gan é árd ná mór. Dhá thigh tábhairne os a choinne amach.
An uair a bhí an pobal cruinnithe bhíodar go néata ann agus cé gur oileán é ba dhóigh gur i gceart-lár na tíre a tógadh iad. Maidir le h-éadach, go glan slachtmhar, do bhí sé ortha. Ar dhul isteach ’on tséipéal dúinn do bhí a lár folamh go dtí sna frathacha agus lochta ar an gcuid eile dhe i gcoinne gach binne ó’n dtaobh istigh. Pé beag, mór de phaidreacha adubhart níor choimeád sé me gan mo shúil do bheith agam ar an bpobal agus ní raibh croiceann buidhe ná ceann dubh agam le feiscint insa phobal istigh ná amuich.
Níor bhacamair le tighthe an tábhairne an uair a bhí an tAifreann ráidhte ach cur dínn aniar treasna an oileáin; mar do bhí súil againn le teacht abhaile cé go raibh an lá stracaithe láidir go maith insan am san. Chuamair isteach i dtigh feirmeóra agus fuaireamair bainne le n-ól ann. Dubhramair le n-a chéile annsan go mb’fhearra dhúinn dul go radharc na fairrge ó thuaidh agus súil-fhéachaint a thabhairt uirthi féachaint cad é an cló bhí uirthi nó an raibh sí ró mhaith dúinn chun rith treasna.
Nuair a chuamair go barra maol-chnuic a bhí ann thángamair go dtí an coiréal mór slinne atá ar thaobh an chnuic ann. Radharc mór dúinn-ne dob’ eadh é sin. Ghluaiseamair linn anuas ó’n gcoiréal agus bhí radharc greanta le feiscint annsan againn ar áit an duine uasail, an Ridire Ciarraigheach. Ridire Ghleanna Laoim a bhíodh go minic mar ainm air mar is insa Ghleann Laoim seo do bhí a chúirt agus a dheagh-bhaile. Ní raibh taithighe againn-ne ar áiteanna d’á saghas a dh’fheiscint agus cárbh’ iongnadh dhúinn iongantas a dhéanamh de.
Do bhí i gcuan Dhairbhre insan am san de ló an radharc ar chrannaibh is mó do chonnacamair riamh. Is ar bhádaibh móra agus ar longaibh beaga do bhí na crainn seo go léir mar dob’ fhada agus ba ghearra a bhí báid iascaigh tagaithe annsúd an bhliain sin ag marbhú mairciréal. Do bhí airgead