DEIRE LE BÁID AGUS LE hATH-MHÁIGHISTRÍ
Na báid sa Daingean againn, gabháil déanta ortha i ngeall ar chíos, iad do lobhadh i ngabhainn gan fuascailt, púnt an bhó mar chíos feasta, an pháirc gharbh, m’athair agus mo mháthair caillte.
Timcheall trí bliana tar éis na mbád a thabhairt ó Dhairbhre thugamair linn go Daingean Uí Chúise iad araon lán de gach sórt do bhí againn chun an phúint a dhéanamh—olann, muca, caoirigh, iasc, ⁊rl. Do bhí a lán bailithe isteach ionnta, sé feara déag ’á leanúint, cóir bhinn againn thríd an mbágh soir nó gur shroicheamair cé agus calath an Daingin. Do cuireadh na báid ar sábháil agus do díoladh gach ní do bhí aca agus do bhí an oidhche le caitheamh insa bhaile mhór againn.
Má bhí oidhche shúgach againn an oidhche sin do bhí eadartha brónach lár-na-mháireach againn; mar, ar dhul go dtí sna báid dúinn, do bhí fearaibh d’ár malairt ceangailte asta ná leigfeadh dúinn baint leo—póilíní do fuair teideal gan na báid a leigeant linn. Órdú ó’n lucht cíosa dob’ eadh é agus ó’n uair ná raibh an cíos againn d’á dhíol ar aon chuma eile gur beag an baoghal ná go mbeadh sé díolta ar an láthair, dar ndóigh, toisc ár mbáid is ár mbóthar do bheith stopaithe orainn, agus ár slí bheathadh.
Ní raibh aon tseodh insa Daingean ach muinntir an Bhlascaeid a bheith teanntaithe insa bhaile mór. Tháinig mór-chuid ó’n dtuaith fé dhéin an iongantais agus breac-chara agus beagán airgid ’n-a phóca aige chun lámhaidheacht do thabhairt le h-iad d’fhuascailt.