Do bhí cíos an oileáin go léir le díol as na báid sara mbeadh aon dul ar iad d’fhuascailt, siúd is go raibh cuid mhaith san Oileán ná raibh aon bhaint leis na báid aca. Tháinig beirt ó’n dtuaith chugham féin ag tarrac airgid dom chun mo chion de sna báid d’fhuascailt ach do ghabhas buidheachas leo agus níor ghlacas é mar nár bhraitheas aon intinn aca ar iad d’fhuascailt fós, pé scéal é.
Do bhíomair síos, suas ins na sráideanna agus breac-shiopadóir maith ag tarrac airgid dúinn má bhíomair chun díol asta; ach níor ghlac aon duine againn é. Dubhramair dá mbeadh an fhuascailt ar siubhal go dtiocfaimís fé n-a ndéin arís; agus do bhí oidhche eile i nDaingean Uí Chúise againn.
Ar maidin lár-na-mháireach do bhí sí go dubhach brónach againn gan bogadh ná sádh ar ár gceasnaí ach oiread leis an lá roimis sin. Do chaitheamair go meán lae ann. Annsan do bhí deire na foidhne caithte agus do ghluais an sé feara déag againn amach as an mbaile mór le corp feirge ag fógairt a raibh de sna h-ath-mháighistrí agus de thighearnaí ins na diabhlaibh dubha. Do shroicheamair Dúnchaoin, cuid againn a fuair marcaidheacht agus an chuid ba mhó ’á shiubhal. Do bhí orainn capall d’fhagháil chun pé earraí bhí ceannaithe againn a thabhairt aníos. Do bhí beagán airgid caithte leis an dturus againn ach b’éigean dúinn leór do ghabháil leis agus bheith ag leanúint d’ár dtreoir nó gur bhaineamair amach an tír fhágamair.
Do bhíomair gan aon bhád mór annsan; ná ó shin, go dtí an lá atá indiu ann, ach naomhóga amháin.
Do chuaidh lucht an chíosa le buile mar, tar éis na mbád do reic dóibh, ní raibh fear a gceannaithe le fagháil a thabharfadh púnt ortha araon agus dob’ éigean dóibh iad a chur isteach i ngort nó gur ith na míola críona iad, gan réal ná pinginn ó shin d’á mbarr.
Do bhris san misneach na mbáilí agus na mbailitheórí riamh ó shin i dtaobh an Oileáin. De dheascaibh nár shroich aon