Page:An t-oileanach.djvu/193

This page has been proofread.

ní as na báid an uair sin iad do chuaidh an scéal i bhfad sara raibh aon chíos ’á éileamh chuige orainn; gurbh é críoch agus deire na mbeart é gurbh’ fhuirist é chóimhreamh gach ar dhíolamair de chíos riamh ó shin.

Dob’ éigean dúinn cur ar na naomhóga annsan agus gach a raibh ’ár gcumas de sheilg fairrge do bhaint asta de ló agus d’oidhche, gleamaigh sa ló ó Bhealtaine go Lughnasa, agus mairciréil san oidhche—gach oidhche do bheadh breagh agus an t-iasc ann.


Chaitheamair beagán blianta mar sin agus stróinséir sa mbreis ag teacht ag lorg an éisc gach bliain nó go raibh chúig chúmplacht insa deire ag lorg, agus glaodhach ar na mairciréil comh maith; agus má bhíodh brácadh agus mór-obair féin chun teacht suas leis an sórt so seilge ní raibh ganntar ná gorta ag baint leis an méid do bhí ceangailte insa chéird. Dá mbeimís comh ceanúil ar an bpúnt an uair úd agus táimíd le blianta anuas ní bheadh an dealbhas beirthe comh luath san orainn im’ thuairim.

Níorbh’ fhada ’n-a dhiaidh sin gur athruigh an saoghal agus níorbh’ ar aon chuma amháin é. Dob’ éigean do’n ath-mháighistir an talamh a thabhairt suas agus tamall ’n-a dhiaidh sin do ghluais fear go dtí an Blascaod agus fear ó’n Iarla féin dob’ eadh é.

Do bhí dhá phúnt ar an mboin san am úd, sé sin cheithre fichid púnt, ar an oileán ar fad, cíosa agus do chruinnigh an fear so na h-oileánaigh le chéile chun a thuiscint eatartha féin cad ba dhóigh leo bheadh ’n-a gcumas a dhíol as agus gurbh’ é sin bun a ghnótha féin go dtí iad.

Tar éis tamall maith a thabhairt ag machtnamh dóibh do labhair réic aca insa deire agus dubhairt: “M’anam ó’n ndiabhal má b’fhiú liom ramhan do chur i dtalamh ann maran mbeadh púnt a’ bhó ’á leanúint!” Maran raibh gáirí ar siubhal fé ghlór na réice ní lá fós é, fiú amháin an duine uasal féin.