do dheineas beartú ar í bhriseadh amach mar do bhí sí ró-sheannda agus í neamh-thairbheach mar bhí sí agus as an bhfuadar a bhí fúm do chuireas romham a leath a bhriseadh insa mbliain sin agus an leath eile an bhliain do bhí chugham.
Is minic do deineadh machtnamh ná raibh ar fónamh do dhuine, cé go mbíonn, uaireannta eile, nach mar sin a bhíonn. Ní raibh an machtnamh so do dheineas-sa le moladh mar ba mhór an brácadh do lean me agus ba bheag é toradh mo shaothair. Dob’ éigean dom m’aghaidh a thabhairt fé’n dtráigh chun leasú a thabhairt liom, sean-asal dubh agam agus gach ualach ar an bhfear bocht míle go leith de shlí agus gach coiscéim do shíor i gcoinnibh an chnuic.
Seadh, is minic a thairrig duine gnó air féin agus nárbh’ fhada do bheadh sé idir lámha aige san am go mbeadh sé dóthanach de agus go fíor dob shin ionbhadh agam-sa é. Níor ró fhada go rabhas cortha dem’ ghnó; go mór mór, mar go raibh an sean-asal dubh ag teip orm.
Fé dheire do chuireas leath an ghuirt bhig fé phrátaí. Agus i n-am a gcurtha bhí m’athair go feirmeálta agus é i n-aois a dheich mbliana agus trí fichid ach go raibh sé beagán cromtha. Pé scéal é thugadh sé turus go dtí an gort so gach lá, cé gur ag dul chun meathteacht agus chun moille bhí sé gach lá.
Ní ró fhada go raibh sé ag tabhairt suas gan dul ’on ghort chuige cé go raibh fonn mór ar dtúis air. Ceann de sna laetheannta, an uair do cheapas gur sa ghort do bhí sé, ar chur mo chinn amach dom ní raibh pioc de le feiscint innti agus dob’ ait liom san. Do chuireas ceist ar gharsún do ghaibh thar brághaid ’n-a thaobh agus dubhairt seisean liom go raibh sé i dtigh Cháit, dob’ ’in inghean do; agus is ann do bhí sé go cruinn romham-sa.
“A athair,” arsa mise leis, “nár cheapas gur sa pháirc bhig do bhís ó chaithis biadh ar maidin.”
“Níl aon fhonn orm ann,” ar seisean.
“Ach do bhí fonn mór ar dtúis ort.”