ceiliúradh chun an tsaoghail seo d’fhágaint agus í insan am san a dó agus cheithre fichid de bhlianta. Ní raibh crampa i gcois ná i láimh léi san aois sin agus í comh deagh-sheasaimh agus bhíodh sí i laetheanntaibh a h-óige. Ní raibh sí i bhfad ar seachrán ar a bheith breóite dhi agus níorbh’ fhearra dhi ar domhan é, is dócha; agus ní raibh comhthrom agam-sa ar aire thabhairt di an uair úd le greithleán an tsaoghail. Ceann de sna h-oidhcheannta bhí sí an-olc, agus me chun fanúint suas léi, cé bhuailfeadh chugham isteach ná m’úncail Diarmaid agus dubhairt láithreach le gach nduine dul a chodla agus gurbh’ é féin an fear a thabharfadh aire do’n mnaoi bhreóite go maidean.
Sara raibh breacadh an lae ann do bhí glaoidhte aige “go raibh sí seo ar a’ dtaobh thall.” Do dheineas-sa me féin a ghléasadh agus m’aghaidh a thabhairt ar Dhaingean Uí Chúise d’iarraidh gléas tórraimh. D’fhan an aimsir go breagh nó gur shroich mo mháthair a teampall dúthchais i bhFionntráigh—bóthar fada ó’n mBlascaod mór, idir fhairrge agus thalamh, agus cé go raibh sochraid mhaith ann, cartacha agus capaill cuid mhaith, is ar ghuaille daoine a chuaidh sí go dtí an roilig.
Sin críoch leis an mbeirt do chuir sioladh na teangan so im’ chluasa an chéad lá. Beannacht Dé le n-a n-anam.