Page:An t-oileanach.djvu/198

This page has been proofread.
XIX
AN NAOMHÓG BHEAG

Mo dhritheáir thar n-ais ó Mheirice, iascach ghliomach, long na n-uaisle, an buidéal láidir, gleamaigh istoidhche, “An tSeamróg,” na róinte sa chloich, na cláracha raice.

Tamall ’n-a dhiaidh sin do ghluais mo dhritheáir Paidí anall ó Mheirice chugham. Do bhí iongantas mór orm é theacht anall an tarna h-uair, mar do bhí an bheirt mhac do bhí aige mór groidhe an uair sin; agus dar liom go rabhadar ar muin na muice agus a bheith thall ann. Ar fheiscint mo dhritheár dom tar éis teacht do ní raibh aon imeacht fé, pé duine chaithfeadh tuairim leis, ná gur ’sna coillte chaith sé a chuid blianta thall. Ní raibh éadach air, ní raibh cló ar a phearsain féin, ní raibh pinginn rua ’n-a phóca, agus is beirt dreiféar do do bhí thall do chuir anall é ar a gcostas féin.

Cé nár thug sé aon lá amháin díomhaoin de sna blianta fada do chaith sé leis an mbeirt mhac gach pinginn d’á tháille; agus ní leigfeadh sé ag obair iad; agus aon réal a bhíodh spártha tar éis an chostais a leanadh an triúr aca a ghlanadh, bhí nós aige dul go tigh an tábhairne agus an chuid sin d’ól; agus is dócha gurbh’ é an chaol-chuid do bhiodh aige le n-ól.

Nílim-se chun dul chun faid slí le n-a dtuairisc sa scríbhinn seo ach gnó glan a dhéanamh díobh, agus conus mar thárlaidh dóibh, agus conus mar a dheineadar do’n athair do thuit leis na blianta fada leo ag sileadh alluis i Stáit Mheirice