Page:An t-oileanach.djvu/20

This page has been validated.
10
AN t‑OILEÁNACH

sí a cliabh ar a drom agus do bhí sé cléibheanna insa bhaile aici sarar mhúscail an peata as a shuan. Dob’ éigean dom’ mháthair staonadh de’n mhóin agus cluas a thabhairt do’n pheata do bhí tar éis múscailt as a chodladh. Cuireadh an cóta glas orm, tugadh gráinseáil le n‑ithe dhom agus an uair ba cheart dom a bheith sásta ní rabhas. Do chuir mo mháthair an cliabh i bhfearas chun tabhairt fé’n gcnoc arís ach do bhíos ag faire ’n‑a diaidh agus dob’ éigean di me scaoileadh i n‑éineacht léi. Leis an sórt lamhncáin siubhail a bhí agam ní ró fhada do bhíos an t‑am gur bhuaileas cortha agus dob’ éigean di me bhualadh isteach ’on chliabh agus me thabhairt léi i gcoinnibh an chnuic. Chuir sí cúpla mallacht im’ dhiaidh—rud nár locht uirthi.

Nuair a líon sí an cliabh de’n mhóin do bhagair sí orm bheith ag bogadh liom síos le fánaidh ach ba dhúire ’teacht me ná ag dul. Is cuimhin liom go maith gur chuir sí barra na coise fúm agus gur thóg ó thalamh me agus chuir achar breagh ó bhaile me agus dubhairt: “Beagán rí ná rath’ ort, maran breagh atá’n lá laithithe agat orm!” Dob’ éigean di me thabhairt léi ar a brollach abhaile agus an cliabh comh lán de mhóin agus bhí sé riamh.

Do chaith sí isteach ar an úrlár me agus dubhairt le Máire me chur isteach fé bhéal cléibh agus leigean dom maireachtaint nó bás d’fhagháil! D’á mhéid na crosa do dheineas thug sí fiche cliabh móna léi an lá san. Bhí an chruach mhór mhóna age baile fé Dhomhnach aici. Do bhí chúig mhíle éisc age m’athair an tseachtain sin. Bhíodh mo mháthair ag innsint na neithe sin do’n seana-chailligh bhéal-dorais.

 

Tháinig bliain ghádhtair timcheall na h‑aimsire go rabhas-sa ana-bheag. Do bhuail long an bliain chéadna insa taobh thuaidh de’n oileán so. Deineadh min-ramh de’n luing agus d’imigh a raibh innti—saghas íle buidhe—’n‑a ailpeanna ar snámh ar fuaid na fairrge. Íle dhaor dob’ eadh í agus is suarach a bheadh ag duine bocht di an uair a bheadh fiacha