Is mó luach púint a dhíolamair leis na h-árthaighe do ghaibheadh ó thuaidh agus adtuaidh trí Bhealach an Bhlascaeid Mhóir. Do bhíodh a seolta bogóideacha báin-chneasacha anáirde aca agus uaireannta ní bhíodh puth gaoithe as an spéir ann. Is minic a chaitheamair ár ndinnéar ionnta agus do bhronnaimís portáin agus éisceanna eile ortha. Do bhíodh tobac agus neithe eile, leis, againn uatha, agus gloine uisce beathadh agam-sa. Ní bhlaiseadh Paidí aon deóir ó fhág sé Meirice mar do bhí ciall cheannaigh fachta aige.
Lá breagh de sna laetheannta san do bhuail chughainn an Bealach andeas long ghail ná raibh ró mhór agus long eile aici ’á tharrac ’n-a diaidh agus gan uirthi sin ach seolta amháin agus gach dath fé’n spéir uirthi. Do bhí cír dhubh le daoine ar luing na seolta agus gach uile dhuine aca ag féachaint níos uaisle ’ná ’chéile, maidir le h-éadach agus banndaí dho. Ní raibh mórán siubhail fé’n dá luing d’fhonn radharc shocair a ghlacadh ar na Blascaodaibh seo.
Do ráinig liom-sa bheith ag tarrac pota i n-athchumairc dóibh insan am gcéadna agus cad a bheadh ann ach gliomach gorm agus piardóg, díreach agus an dá luing ag gabháil tharainn ó thuaidh.
Do thógas anáirde an phiardóg i láimh liom agus an gliomach sa láimh eile agus ní túisce bhí san déanta ná bhí gach lámh a bhí is na longaibh anáirde, idir fhear agus mhnaoi, ag sméideadh amach orainn agus do stopadar suas ar uachtar na mara nó gur shroicheamair iad.
Ní fáiltí go dtí mar bhí roimis an dá sheana-iascaire. Do bhí dosaon gliomach againn agus dhá dhosaon portán agus trí dosaein d’iascaibh eile agus ba chuma leis na h-uaislibh cad é an crot do bhí orainn féin ná ar ár naomhóigín ach an breac úr d’fhagháil uainn.
Do scaoil fear aca bocaod anuas chun na ngliomach do thógaint anáirde agus ar amharc an bhocaeid sin dom cheapas ná cuirfeadh sé aon ghliomach isteach ann ar chúig