phúint, do bhí an t-árus comh greanta san. Do scaoil sé an t-árus anuas arís chun na bportán do bhreith leis, agus arís eile chun an éisc eile.
Nuair a bhí a raibh sa naomhóigín bailithe anáirde aige ní raibh mórán moille insan am gur scaoil sé anuas an bocaod céadna arís agus ar mo leabhar gur cheapas gur smut aráin do bhí i ndeire na naomhóige a bhí uaidh an uair seo. Ní mar cheapas a bhí; mar, an uair a rugas im’ láimh air agus d’fhéachas ann, is airgead do bhí le feiscint agam. Do labhair an fear a scaoil anuas é liom i mBéarla agus dubhairt go raibh scilling sa bhocaod ar gach breac a chuireas anáirde chuige.
Do thairrig mo dhuine uasal an bocaod anáirde arís agus níor mhór an aga go bhfeaca chugham anuas arís é, maol agus cruach air, agus an bhean dob’ uaisle bhí ar bórd ’á leigeant anuas an uair seo, adéarfainn, agus ba bhreaghtha méinn agus scéimh d’á bhfeaca-sa riamh. Do bhí an bocaod lán de gach sórt bidh agus annlain agus ná féadfainn-se ainm a chur ar a leath. Nuair a bhí sé folamh agam i ndeire an bháid, do bhaineas mo bhairréad dem’ cheann agus d’umhluigheas do’n mhnaoi uasail, ag gabháil buidheachais léi.
Níorbh’ fhada gur tháinig fear go dtí bhásta na luinge agus adubhairt an buidéal folamh a bhí insa naomhóig do shíneadh anáirde chuige. Do dheineas san agus i gcionn tamaill tháinig sé agus é lán d’fhíor-uisce aige agus d’fhiafruigh arís a’ raibh buidéal eile sa bhád againn. Ní raibh. D’imigh uaim arís agus nuair a tháinig bhí buidéal suaithinseach aige go raghadh tuairim sé ghloine ann. Do shín anuas é agus dubhairt mórán de’n uisce d’úsáid le beagán dá raibh sa bhuidéal eile.
D’fhágamair slán agus beannacht age n-a chéile annsan. Do bhíomair míle go leith ó thalamh fé’n am so. Níorbh’ fhada an t-achar é sin mar do bhí an lá fabhrach. Ní ró fhada bhíomair casta ó chéile nuair a phrioc an mí-fhoirtiún me féin go bhféachfainn cad a bhí sa bhuidéal úd. Dubhairt an