Page:An t-oileanach.djvu/206

This page has been proofread.

d’oidhche. Do stadamair tamall. N’fheadar ná gur thuit tionnfhuar codlata orm féin. Dubhairt seisean gur thuit agus gur bhaineas greas maith as.

“Is dóigh liom go bhfuil fionnóg a’ lae a’ teacht agus go mb’fhearra dhúinn tarrac eile bhaint as na potaí agus beam age baile, agus ní bheidh ’fhios ag aenne conus mar chaitheamair an oidhche,” arsa Paidí ag caitheamh na téide uaidh agus ag cur a mhaidí amach.

Geallaim-sa dhaoibh ná rabhas-sa ró éascaidh san am so—gliocú na maidine fuar, bolg follamh, cnámha túirseacha, súile troma agus mairbhitighe mo dhóthain am’ leanúint, pé cuma go raibh an fear tosaigh. Ach do chrothas suas me féin ó’s rud é go raibh orm é dhéanamh agus san am go raibh na potaí tairricthe agam do bhíos im dhúiseacht go maith agus do bhí dosaon eile gliomach agus dhá cheann againn.


Ar thabhairt ár n-aghaidh chun an tighe dhúinn, cad a bheadh ná árthach ar móráil agus dob’ fhollus dúinn gur stróinséir árthaigh í. Do bhí sí romhainn ar an siúnda agus níorbh aistear linn dul chun cainnte léi. Ar dhul le n-a cliathán dúinn chonnacamair “An tSeamróg” mar ainm uirthi. Do bhí umar i gcomhair gliomach innti agus is ’á lorg san a bhí sí. Do ceistigheadh sinn an mór na gleamaigh a bhí againn agus an mór a bheadh uainn ortha. D’innseamair do ná raibh puinn ar bórd againn ach go raibh oiread eile i bpota stóir do bhí annsan thall againn. Rud eile ná beadh níos mó le n-’éileamh againn air sin ach oiread le h-aon árthach eile. “Glan leat agus tabhair leat a bhfuil insa phota,” ar seisean.

B’eo linn agus ní raibh an pota ró fhada uainn agus do chasamair thar n-ais agus sé dosaein do bhí againn ag teacht go dtí í. Do chóimhrimh ceann ar ceann iad agus do shín chughainn trí shobhairn óir. Seilg lae agus oidhche dob’ eadh é. D’innseas san do’n gcaptaen agus go raibh an oidhche ’nár suidhe againn agus go rabhamair suaithte go maith ach