má bhíomair féin go raibh págh na h-oidhche againn. Thug sé ordú dhúinn láithreach teacht ar bórd. Bhíomair ag fagháil párdúin leis—nárbh fhada uainn a bhí an baile anois. Ní bheadh sé sásta leis sin agus b’éigean dúinn dul ar bórd.
“Tá biadh annso ullamh agus caithidh bhur ndóthain,” ar seisean.
B’éigean dúinn dul i n-éineacht leis. Do chaitheamair ár ndóthain. Bhí sórt náire orm-sa a bheith salach brocach i n-a leithéid d’áit ach níor chuir an fear eile aon tsuim ann ach a bholg a líonadh. An méid náire agus scáinteacht’ a bhí ag baint leis i dtúis a shaoghail d’fhág sé ’n-a dhiaidh insna tíortha iasachta iad agus dubhairt sé liom-sa, leis, dá mbeadh tamall agam féin as baile, gur chuma liom cá mbuailfeadh biadh liom chun é chaitheamh.
Ar theacht ar uachtar na luinge dhom do bhí an captaen ag stádar do féin agus do chrom sé ar bheith ár gceistiú i dtaobh na ngliomach, an raibh a thuille timcheall na h-áite aca. D’innseamair do fé mar bhí. I gcionn tamaill do bhogamair uaidh agus d’fhágamair slán aige. Ar shroichstint dúinn ar an gcalath ’s eadh bhí cuid eile aca ag fágaint an chalaith agus a thuille aca ’n-a gcodladh fós.
An uair a bhí an naomhóg tirm as an uisce againn féin dubhairt Paidí:
“Is fearra dhúinn buidéal bainne agus dosaon ubh a bhreith amach go dtí an t-árthach. Ní bheam i bhfad.”
Ba mhaith liom an chainnt fhearúil sin a theacht uaidh cé gur minic a tháinig cainnt uaidh nár thaithin liom agus do bhuaileas an chloch amach agus d’fhan san mar a raibh aige nó gur chasas thar n-ais agus dhá dhosaon ubh agam agus buidéal bainne. B’eo linn amach arís nó gur shroicheamair an long bheag. Shíneas anáirde an buidéal agus bosca go raibh na h-uibhe ann. Rug fear aca ortha go tapaidh agus thug leis anáirde iad, mar ní bhíonn dul ar uibhe ná ar bhainne aca an uair a bhíd siad ag treabhadh na mara. An uair a tháinig an bosca thar n-ais bhí sé lán go béal aige—brioscaí, tobac, cannta