Page:An t-oileanach.djvu/208

This page has been proofread.

feola agus mar bharr ar na neithe go léir, ar chuardach an bhosca dhom ’n-a dhiaidh sin, cad a bheadh ann ná leath-phiúnt biotáile. Do bhuaileamair isteach agus do bhaineamair an tigh amach, agus is a chodla a chuamair go h-aimsir dinnéir—b’in nós nua againn.


Tar éis dinnéir dúinn do bhuaileamair amach agus do chromamair ar na potaí do tharrac agus do chur i bhfearas i gcomhair an chonntráth’ mar is sin é an uair is mó go mbíonn na gleamaigh ag dul ins na potaí. Ní maith leo bolg an lae mar bhíonn sé ró gheal. ’S an ghrian ag dul i bhfairrge ’seadh chromamair ar iad a tharrac arís agus do bhí rud maith ionnta. Do chaitheamair an oidhche go maidean amuich agus do bhí dorn breagh gliomach ar maidin againn. Annsan do dheineamair amach gur san oidhche do bhí marbhú ortha. Aon oidhche do bhíodh breagh as san amach do chaithimís amuich é insa tslí go raibh ana-sheilg ag tuitim linn i gan ’fhios.

Isteach insa bhfoghmhar, oidhche ana-bhreagh agus sinn ceangailte ar théid phota, do chualamair an t-amhrán d’á rádh go fada bog binn i meán na h-oidhche siar, tharainn ó thuaidh ar chlocha eile do bhí tuairim is leath mhíle uainn.

Do gheit mo chroidhe féin agus chuas trí n-a chéile go mór.

“A’ gcloiseann tú?” arsa mise leis an bhfear eile.

“Cloisim go maith,” ar seisean.

“Téanam abhaile,” arsa mise leis.

“Dhera, mo thruagh thu, nach róinte iad san!” ar seisean.

“Ní foláir nach róinte go bhfuil glór na ndaoine aca!”

“Iseadh go díreach, mhuise, agus is fuirist aithint nár chualaís riamh roime seo aon cheann aca. Deinid siad san gotha an duine chur ortha féin an uair a bhíonn breis aca tirm i dteannta chéile agus tá scata ’ca tirm ar na clocha thiar anois.”

Thugas sórt géilleadh dho agus bhí ’fhios agam, na daoine théigheann ins na tíortha thar lear, ná cuirid suim i n-aon