rud beo nó marbh. Leis an machtnamh san dob’ éigean dom é chaitheamh anáirde liom féinig.
Níorbh’ fhada gur chuala go fada bog binn aríst agus dar liom gurbh’ é “Éamonn Mágáine” é díreach mar d’fhágfadh sé béal an duine; ach ní raibh agam-sa ach é bhrúghadh ar m’aigne. I dtaobh an fhir eile is amhlaidh do shéid sé féinig amhrán suas. Iad san thiar agus eisean thoir. Ag cur misnigh orm a bhí sé, is dócha.
Seadh, do bhaineamair cor as na potaí agus do bhí dosaon breagh gliomach ionnta.
“A’ bhfuil dosaon agat?” ar seisean.
“Tá gan ceann fé ná thairis.”
“An diabhal gur mairg duit nár chuaidh abhaile ó chrónán na róinte. Do bheadh fuar agat-sa dá mbeifeá ins na tíortha lasmuich,” ar seisean.
Gan amhras do bhí an ceart insa méid sin aige cé go mbíodh sé uaireannta eile lán mí-cheart. Níor stad nó gur chuaidh sé chun anncaire ar an dtéid chéadna arís agus, mar bharr ar an scéal, insan áit ba shoiléire do bhí timcheall chun iad a chlos.
Le linn cur fúinn dúinn ní raibh fead ná glaodh as aon rud; ach níorbh’ fhada do bhí san i gceist san am gur chuireadar a nglam suas i n-éineacht gur chomh-chlos’ gach áit insa timcheall iad.
“N’fheadar cad a chuireann le buile mar seo iad anois agus arís,” arsa mise leis an bhfear eile, “agus iad ’n-a sánas tamall eile?”
“Gach uair a thagann ceann ó’n bhfarraige ortha seadh bhíd siad mar sin. Tá ceann eile tirm anois ar na clocha agus do bhíodar ’n-a gcodladh go dtí san.”
An uair sin níor chualaidh aenne riamh ar mhargadh ná ar aonach oiread amhrán i n-éineacht agus fuaim a lán amhrán ag teacht trí n-a chéile. Do dheineas talamh slán de n-a raibh aige ’á rádh i dtaobh na róinte, mar ba mhór an cur amach a