Page:An t-oileanach.djvu/211

This page has been proofread.

eadar an méid sin de ghnó na maidine amú orainn. Insa deire do mhúscail an ceann mór as a shuan agus an uair a thóg sé anáirde a cheann ba chomh-chlos ar fuaid na h-áite go léir an scread mhillte do leig sé as. Dob’ é seo an maor a bhí ortha beag agus mór. Níor ró fhada gur thug sé aghaidh le fánaidh.

Tarbh dob’ eadh é comh mór le h-aon tarbh riamh do bhí ar an dtalamh tirm. An rón ba ghiorra dho do bhuail a shrón fé agus do thóg anáirde é aoirde crainn báid agus níor stad sé de’n iarracht san nó gur buaileadh amuich ar an bhfairrge é. B’in é an uair do bhí an cogadh ar an aonach nuair a chonnaic an chuid eile an radharc san! Bhí gach ceann aca ag baint an uisce amach ar a gcroidhe díchill agus an ceann aca do bhíodh mall an uair a thagadh so air do bhuaileadh a choinncinn fé agus do thógadh anáirde insa spéir é riamh agus choidhche gur chuir sé amach ar an bhfairrge gach ceann d’á raibh tirm agus ba mhór é.

D’fhan an fear mór so tamall ’n-a ndiaidh ar an gcloich ag tarrac ’anáile agus ag féachaint an rabhadar ar fad le n-a chéile aige. Annsan thug sé féin fé’n bhfairrge síos agus an tonn d’éirigh mar ar thuit sé dubhairt an bheirt againn le n-a chéile go mbáthfadh sé beag-long. An fhaid a bhí an dul trí ’chéile seo ar siubhal aca ní raibh fead ná glaodh aca, creid me leis.

Do bheadh ár bpotaí go rábach socair suas againn an fhaid a bhí an t-oireachtas so ar siubhal agus do cheapas ná staonfadh an fear eile comh fada, ach do dhein. Is dóigh liom gur chuir na clis a bhí ar siubhal an uair seo aca greannúireacht air comh maith liom-sa. Ní rabhamair i bhfad ag tarrac na bpotaí ’n-a dhiaidh sin mar do bhíodar soiléir le feiscint agus gan puinn uisce ortha. Do bhí seilg mhaith againn ar maidin—glan trí dosaein go h-árd. Deirim-se leat má bhí an naomhóg beag féin againn go raibh an tseilg mór.

Do chaitheamair an saosúr mar seo gach oidhche do bhí breagh. Ní mór a théigheann insna potaí de ló ná d’oidhche