má bhíonn an fhairrge suaithte. Is maith leis an ngliomach an t-uisce do bheith socair ciúin le linn gliúmála dho féin.
Maidin áirithe aca do bhíomair ullamh chun teacht abhaile agus do bhí míobháinín de ghaoith aniar ann agus ar bogadh amach dúinn iseadh do bhí scuilb raice againn le feiscint. Do phriocamair suas iad. I n-áit eile do bhí a thuille le fagháil di. Lán na naomhóige do bhí againn láithreach agus a thuille ag gluaiseacht leis an dtaoide.
B’éigean dúinn casadh ar Bheiginis agus an naomhóg d’fholmhú agus sáth amach arís. Do bhí an raic ag gluaiseacht go tiugh de dhruim poinnte go raibh an taoide ag teacht d’á dhruim. Do bhí cláracha bána, nua glan, ag gluaiseacht. B’éigean dúinn téad a bhaint de phota agus dosaon clár a chur innti agus iad a tharrac ár ndiaidh ⁊ casadh isteach mar a raibh an chuid eile againn agus iad a shábháil. Do bhí sé cinn déag insa tróig seo againn agus amhras ar a thuille faid a bheadh an taoide ar siubhal.
Ní raibh aon rud ag teacht liom anois ach an t-ocras. Obair throm tar éis na h-oidhche, agus suathadh maith dob’ eadh na cláracha do chur le chéile ach do chuireamair romhainn an bheart a dhéanamh comh fada agus do bheadh an ailp ag gluaiseacht. Maidir leis an bPúncán ní bhíodh ocras ná tart ná codladh go deo air.
Do chuireas i n-iúl do go raibh ocras ag teacht orainn agus é i n-am againn. Féachaint cad déarfadh sé seadh bhíos, agus ’á bhraith, mar ’dheadh.
“Dera, ’dhuine! ná fuil a’ sean-fhocal id’ cheann agat ní foláir, ‘mairbh a’ t-iasc an uair a gheobhair é.’ An b’amhlaidh a cheapann tú go mbeidh raic le fagháil gach am is maith leat?” arsa Paidí.
Do bhí amhras agam gurbh’ ’eo mar gheobhainn an freagra agus ’fhios agam féin leis go raibh an ceart ann mar nach i gcomhnaidhe bhíonn rudaí mar seo ag gluaiseacht. Níor dheineamair staonadh an fhaid do sheasaimh an taoide do bhí