Page:An t-oileanach.djvu/213

This page has been proofread.

’á mbailiú chughainn. Do bhí an t-ocras ag imeacht dínn an uair a chuaidh sé thar am againn an biadh d’fhagháil. Is ag dul chun laige a bhíonn duine as san amach agus is sin mar a bhí againn-ne.

Isteach sa lá do chonnacamair bád agus bád eile thall agus i bhfus ag bailiú na raice ar ár gcuma féin. Insan am san do bhí tuairim trí fichid clár bán sábhálta i mBeiginis leis an naomhóig bhig age beirt againn. Do dhein an stracaire bocht Púncáin árd-obair an lá úd. Is minic a bhíodh bealach maith idir sinn agus an talamh san am go mbíodh dosaon clár curtha agam-sa ’on téid agus ba mhinic gurbh’ é féin a thugadh i dtír iad gan aon chongnamh uaim-sa.

Do bhí an scéal go maith againn-ne ach cad mar gheall ar an muinntir a bhí age baile gur bhaineamair leo—sinn fágaithe an tigh tar éis dinnéir an lá roimis sin agus aimsir dinnéir lár-na-mháireach ann agus gan sinn tagaithe—cad a bhí le rádh ach nár mhaireamair?

Pé naomhóg a bhí timcheall na dtighthe insan am so, ó b’é an chaol-chuid aca a bhí, mar do bhíodar insna h-oileáin bheaga leis na potaí agus an méid aca ná raibh, bhíodar ag lorg raice insan am so. Leis sin ní raibh maide rámha ná naomhóg ar an gcalath chun dul ar ár dtuairisc.

An uair a bhíomair féin tnáithte, cortha agus an taoide athraithe agus an t-adhmad ag dul chun gannachúise thugamair ár n-aghaidh ar an dtigh agus mise ’á rádh leat, a léightheóir, dá mbeadh aon phuth gaoithe ár gcoinne ná sroichfimís é.

Ní raibh aon chainnt ach an méid adhmaid a bhí bailithe i mBeiginis age naomhóg bheag na beirte agus is mó lá ’n-a dhiaidh sin a fuaireamair clár, agus smuit, agus ailpeanna adhmaid. Do dhíolamair timcheall ’s a leath i mBeiginis agus dob’ éigean dúinn an leath eile thabhairt abhaile linn as mar nár fágadh aon smut riamh do bheadh ar sábháilt ann gan goid.