BRÁCADH AN tSAOGHAIL
Bás na leanbh, inghean mhná na h-Inise caillte, an tigh nua, na bolltaí práis, bádh mo mhic agus Eibhlín Nic Niocaill, mac le Diarmaid caillte.
An bhliain tar éis na raice shábháil—agus is dócha gur dheineamair dosaon púnt di, gan trácht thar aon ghliomach—bhíomair ag déanamh go maith i dtosach na bliana ach ní bhíonn rith maith ag an each i gcomhnaidhe.
Aimsir na ngearrcach óga bheith ann, agus iad suas le bheith aibidh, ba ghnáth le garsúin a bheith ar a dtóir. An garsún ba shine do bhí agam agus mac an Rí do dheineadar comhairle dul i dtreo éigin go mbeadh faoileán óg aca; mar ba mhinic do mhaireadh ceann aca i dtigh ameasc na gcearc go ceann bliana agus níosa shia.
Do chuaidh an bheirt i n-éineacht i dtreo na neadacha chun cúpla ceann aca so do thabhairt abhaile leo. Is i ndroch-áit a bhíodar agus le linn dom’ gharsún-sa breith ar an bhfaoilinn óig do léim sí agus do thuit sé síos amach ar an bhfairrge, slán beo mar n-innstear é! D’fhan sé i bhfad ar uachtar agus bhí sé ann nó gur ghaibh naomhóg photaí timcheall agus a thóg é.
Do bhí a athair críona, athair a mháthar, insa naomhóig a thóg é. Do bhí aon tsásamh amháin orainn—ná raibh maisle ná máchail ar aon phioc d’á chabhail cé go raibh tuitim na faille árd. B’éigean dúinn cur suas leis agus a bheith sásta.