Ba mhór an ní liom é bheith le cur ’on talamh agus gan a bheith ag féachaint i ndiaidh na fairrge. B’in é an chéad tosnú, agus níor mhaith é, go bhfóire Dia orainn!
Tuairim 1890 do thuit san amach agus díreach an garsún chun coinnlíochta, é ag tosnú ar phostaireacht a dhéanamh dom. Seadh, ní chothuigheann an té imigheann an té fhanann agus dob’ éigean dúinn-ne, leis, ár maidí a chur amach arís agus bheith ag treabhadh linn.
Níor chaith an bhliain seo comh maith leis an mbliain roimpi ná níor thuit oiread de sna gleamaigh oidhche linn, leis, d’á dheascaibh sin, mar ná raibh an aimsir seasathach agus do bhíodh tarrac de shíor cois na gcloch, rud nach maith leis an sórt so seilge. Do ráinig an bhliain seo, áfach, gur thuit iasc glas leis an dtalamh agus do bhí an fhairrge lán díobh. Pollóga dob’ eadh iad, iasc mór garbh go mbeadh do dhóthain cúraim ort cuid aca do thabhairt isteach thar gunail na naomhóige; agus doraithe an gléas marbhaithe a bhíodh ortha, slais de mhairciréal agus dubhán mór.
Do chuamair ’n-a dtreo lá agus an sórt san fearais le ’chéile againn agus nach mór an conach a bhí chun beirthe ortha gurbh’ éigean dúinn an bannc d’fhágaint go luath mar do bhí an naomhóigín lán againn agus an fhairrge suaithte gliobach; agus le linn teacht ar an gcalath dhúinn is mó duine dhein iongantas de n-ar thug an naomhóg bheag chughainn.
Do chaitheamair tamall de’n bhliain ceangailte insan iasc ghlas nó go raibh gach soitheach a bhí insa tigh lán againn aca agus do bhí trí chéad pollóg sábhálta againn. Timcheall na Nodlag do shíor do bhíodh árd-ghlaodhach ortha san ó lucht tuaithe chun na Saoire.
Thugas cúig phúint déag ó Dhaingean Uí Chúise liom ar mo chuid pollóg i dteannta gur mó duine muinnteartha do fuair feidhre aca agus iad go flúirseach insa tigh agam féin.
Tamall tar éis na h-aimsire sin tháinig inghean an Dálaigh Mhóir, aodhaire Inis Mhicileáin, abhaile ó Mheirice.