Sí sin an cailín a bhíodh an réic Diarmaid, m’uncail, ’á luachtaint liom-sa i dtúis ár n-óige. Thug sí beagán blianta thall ach do theip an tsláinte uirthi ar nós céad duine nach í. Ní i bhfeabhas a chuaidh sí tar éis teacht anall ach ag dul chun deire, ’r a shon í theacht go dtí an t-oileán ba shláintiúla do bhí i nÉirinn.
Fuair sí bás, fé dheire, thiar insa chloich agus do bhí saosúr na bliana ann le n-a linn sin. Do bhí iascairí ó Uibh Ráthach ’n-a dteannta insa chloich an uair chéadna agus, ar chlos í bheith caillte, do bhí aon duine d’fhéad é d’iarraidh na cloiche bhaint amach chun a bheith ar an dtórramh.
Dob’ iad so dream dob’ fhearr do sheasaimh i n-aon chloich riamh d’á shórt agus ba fhlaithiúla, agus d’á dheascaibh sin do bhí gach nduine d’iarraidh iad a shroichstint insa chruadh-chás agus do bhí daoine bailithe ann, cuid mhaith, an oidhche sin. Do bhí naomhóga ag sroichstint an oileáin go dtí n-a deich a chlog insan oidhche. Do bhí mór-chuid eile ag cur na báighe siar díobh ar maidin mar do bhí an lá ana-aoibhinn agus an fhairrge breagh ciúin.
Dob’ é an lá sochraide ba bhreaghtha a chonnac riamh é, agus ba theo. Is go naomhóig Uibh Ráthaigh a chuaidh an chomhra agus do bhí triúr d’fhearaibh maithe innti. An uair a bhíodar ullamh thugadar a gcúl do’n chloich agus bhíodar ag ciorrú na báighe aniar. Ar shroichstint calath an oileáin do’n sochraid do bhí a thuille naomhóg annsan romhainn. Do bhí orainn fós dul trí mhíle d’fhairrge, nó breis. Súil-fhéachaint dár thugas n’fheaca oiread naomhóg riamh i dteannta ’chéile, dar liom. Hocht cinn déag aca do bhí ann. N’fheaca-sa riamh oiread san bád i sochraid ar an bhfairrge, ná go dtí an lá indiu. Sé cinn déag agus cheithre cinn déag is mó a chonnac ó shin.
Go soirbhí’ Dia d’á n-anam so go léir gur éigean dom iad a mhúscailt; agus nár thuga’ Sé aon droch-áit d’aenne aca!
Cé go raibh lán tighe de chlainn age fear na h-Inise an uair