eamair an doras amach agus le chéile rómhainn. Do bhí an chuid eile de’n chriú tagaithe. Do chuireamair ar an uisce í agus dob’ eo chun siubhail sinn. Níor stadamair de’n scríb sin nó gur bhaineamair amach Inis na Bró mar a raibh poll nótálta róin. B’annamh riamh ná go mbeadh rón le fagháil ann. Dubhramair féin le ’chéile go mb’fhearra dhúinn é chuardach.
Gan ró-mhoill do bhí ceathrar istigh ann agus scóp orainn an bád d’fhágaint. Bhíomair ag druidim suas fé’n bpoll agus do chrom fear ar bheith ag gliúcaidheacht síos i luig mhóir a bhí ann. “N’fheadar cad é an sórt rudaí iad san thíos ar thóin na luige seo,” ar seisean. D’fhéach fear agus fear eile agus chonnacamair go raibh an cumar lán aca.
Do bhí fear sa bhád go raibh ana-shnámh aige agus tháinig sé agus d’fhéach síos. “Dhera, a dhiabhla!” ar seisean, “bolltaí copair agus práis iad san. Ná fuil ’fhios agaibh gur briseadh cnobalach luinge annsan tamall ó shin do bhí lán de’n sórt san bolltaí.”
Ní túisce bhí deire leis an méid sin cainnte aige ná chaith sé dhe anuas a raibh d’éadach ’en tsaoghal air agus thug a cheann fé uisce síos. Ní mór fara aoirde fir d’uisce do bhí insa chumar agus níorbh’ fhada do bhí sé thíos nuair a tháinig sé ar barra agus bollta copair aige do bhí cheithre troighthe ar faid. “Dar bhur n-anam gléigeal!” ar seisean, “an ag brath liom-sa atánn sibh chun a bhfuil annsúd a thabhairt aníos? Cuirtear téad ar dhuine eile agus ar bheirt agus ní cás deabhadh maith do dhéanamh an fhaid a bheidh an taoide gan teacht mar is deacair iad d’fheiscint an fhaid a bheadh an suathadh insa pholl.”
Do caithfaí san a dhéanamh ach cá raibh an bheirt a raghadh síos? Dob’ ’in í an cheist. Do bhí cuid aca nár chuaidh ’on tsáile riamh agus cuid eile againn go raibh snámh maith againn ach nár ghnáth-bhéas againn dul fé loch.
Thug Diarmaid seáp treasna an chladaigh ag triall orm féin agus dubhairt, “Nach éachtach an snámhaidhe tusa uair