Page:An t-oileanach.djvu/221

This page has been proofread.

é, ach níor thug sé buille snámha riamh. Dob’ ait leis sinn-ne bheith ag dul ’on chumar agus é féin ag féachaint orainn. Dubhairt sé le Diarmaid: “Cuir ceann na téide ar mo chorp go raghad síos agus go dtabharfad bacla aca so aníos liom ó táid siad comh flúirseach.”

“Dhera, dar do chroidhe do’n dialbuidhe!” arsa Diarmaid, “ní foláir nó is ag cailliúint do chéille taoi-se. Nach mar a chéile tusa leigeant síos nó máilín salainn! Lucht an tsnámha ná bíonn ionnta ach an dé san am go dtagaid aníos!”

D’iompuigh Muiris ar fhear eile chun na téide do chur air nuair a chonnaic sé an scaimh a chuir Diarmaid air féin chuige; agus dob’ é fear é ná dritheáir do Dhiarmaid gurbh ainm do Liam, fear ná cuirfeadh puinn suime Muiris a thabhairt aníos marbh as an gcumar comh maith le h-é bheith beo.

Do chuir Liam an téad ar Mhuiris agus b’eo le fánaidh é agus insan am gur bhuail sé thíos níor dhein faic ach tarrac anáirde ar an dtéid arís nó gur chuaidh ar barra, gan é ag braith ar Liam chun é tharrac. Ba mhaith mar dhein mar thabharfadh Liam a dhóthain aimsire dho chun é ’á bhádh thíos.

Sarar thosnuigh an t-uisce ar líonadh sa chumar do bhí bollta agus fiche ag an mbeirt againn, cnocán breagh idir chopar agus phráis agus is fada go mbeadh Diarmaid cortha ’á dtarrac go dtí an bád.

San am go raibh gach ní socair againn do chromamair ar ár ngreim aráin a mheilt agus do shlogadh siar—agus gan puinn cainnte nó go raibh san déanta, gan annlan gan faic ar an saoghal leis ach anois agus arís go gcuireadh fear a lámh amach agus thugadh leis lán a bhaise de’n tsáile agus do leigeadh siar é chun an góilín a ghlanadh.

Le linn na gíotála so do bheith ar siubhal, agus sinn chun tabhairt fé abhaile, súil-fhéachaint dár thug Liam do chonnaic sé tráléir ag déanamh ar Inis Mhicileáin.