Page:An t-oileanach.djvu/223

This page has been proofread.

sé ’n-a sheasamh an uair seo agus dubhairt: “Tráthnóna mín álainn iseadh é agus níl faic le déanamh againn ach dul abhaile. Tá dhá mhadra mhaithe insa bhád agus cúpla ramhan maith. Tugaimís ruail fé’n gcloich agus beidh leath-dosaon coiníní ag an bhfear againn,” ar seisean.

Fear gur thaithin a ghlór leis agus beirt nár thaithin agus mar sin féin ba chomh-mhaith do gach nduine an tseilg. Do stad an bád ag an gcalath agus b’eo amach sinn, beirt soir agus beirt siar. Do bhí an tráthnóna déanach go maith insan am gur bhuaileamair le chéile arís ar bhruach an chalaith.

Níorbh’ é an réic, Diarmaid, ba lugha fé’n tseilg. Do bhí oiread aige le beirt eile ach go raibh madra maith aige ba leis féin; agus, rud eile, ní raibh aon droch-fhéith ann féin ná insa mhadra.

Tar éis teacht go dtí an bád do gach nduine, agus chuireamair an tseilg ar fad i dteannta chéile, do bhí ocht ndosaein coiníní againn, dosaon an fear. Dubhairt na fearaibh ba shine do bhí insa bhád gurbh’ í seilg í ba mhó ba chuimhin leo a deineadh riamh ins na h-oileáin ar a ghiorracht aimsire. Do bhí bolath na gaoithe ann agus í ’na cóir abhaile againn.

Mar ná bíonn rún age mórán daoine do sceidh sé ó dhuine éigin againn-ne, leis, cár chaitheamair an lá agus cad a bhuail linn agus na daoine uaisle a cheannuigh an prás; agus de dheascaibh gan an rún a choimeád do bhí ár gcuid feicithe againn de sna mianaigh. Sara rabhamair le n-a chéile lár-na-mháireach do bhí báid an bhaile imithe. Ach níor mhór na púint eile do baineadh as riamh ó shin.


Siad an dá phúnt do bhí ’á bharra agam-sa an chéad dá phúnt a dhíolas as ceann an tighe nua.

Do bhí earraí saor an uair úd agus ní mór ar fad do chosain na neithe theastuigh uaim i gcomhair an tighe nua. Do bhí mórán d’oir do agam féin agus tigh beag dob’ eadh é