cé, an uair a bhíos ’á tharrac amach, gur cheapas gur chúirt é; agus ba gheall leis seachas an múchán a bhí agam.
Do bhí aon mhaith amháin ar an múchán gur thug sé mo dhóthain aimsire dhom chun an tighe nua a chur chun cinn gan aon phioc eile dem’ chúram d’fhágaint siar agus rud eile do bhí insa scéal—gan aon mháille ann a bhí le cur insa tigh nua. Do bhíos ó lá go lá agus ó uair go h-uair nó gur chríochnuigheas é glan amach. Le linn san a bheith déanta cé gheobhadh timcheall ach Diarmaid. Do stad sé ag féachaint tamall agus fé dheire do labhair.
“A Mhuire, ’Mháthair! conus a chuiris le chéile comh tapaidh é, gan chabhair ó aenne beo? Mhuise mo ghrádh do ghéaga! Go raibh m’anam-sa ó’n ndiabhal ná béarfaidh an chearc ’na dhrom nó má théigheann sí anáirde gur le faill a raghaidh sí!” ar seisean.
D’fhan an tigh mar sin déanta suas tamall sarar chuamair ann. Níor mhór na tighthe feilte do bhí insan oileán san am san ach níl aon tigh amháin ann le fada ná gur feilt an díon atá ortha ach an méid go bhfuil slinn ortha. Do chuamair chun lonnaithe ’on tigh nua tuairim is an bhliain 1893, i dtosach an Earraigh. An réasún ba mhó a bhí againn dul comh luath ann mar do bhí leasú ana-ghann an bhliain chéadna agus do bhí oiread leasaithe ar an seana-thigh agus a dhéanfadh leath a raibh de phrátaí insan Oileán. Ní raibh aon faic ann ach súith agus leasú. Rud eile, do bhíodh Diarmaid ag bagairt gach lá orm. Ní raibh críoch ná áird ar an méid a bhí curtha aige féin, mar fear bocht aonair dob’ eadh é agus do bhíodh a thurus ins gach áit agus fágann an turusóireacht breall go minic ar ghnóthaí eile; agus, go minic, gan mórán de bharr a lán aca. Bhíodh truagh agam do mar do cailleadh an chéad bhean do bhí aige, agus í go maith aige, agus an bhean do bhuail thar n-ais leis gan í críochnúil ná gasta. Leagadh eile bhí agam leis—ní cheilfeadh sé smior na gcnámh orainn uair a bheadh a chabhair ag teastáil.
Comh luath agus chonnaic Diarmaid an teine agus an gal