sa tigh nua b’eo chugham isteach é agus do cháisimh an súith go tapaidh.
“I gcúntas gheal Dé ná leig bhuam le h-aenne eile é,” ar seisean.
Do bhí sé go dian-mhaith chun dul i gcomhair a choda ach níorbh’ fhearr chuige sin é ná chun a thabhartha uaidh dá mbeadh aige.
“Ní leigfeadh do chuid le h-aenne dho ná bíodh eagal ort,” arsa mise leis. “An bhfuil aon ghnó mór indiu agat?”
“Dar Muire, ’mhuise!” ar seisean agus é ’na sheasamh idir dhá lighe an dorais, “níl aon ócáid mhór orm. Canathaobh san? Anb’ aon ghnó atá agat-sa dhíom?”
“Is eadh, tar anáirde i mullach an tseasna-thighe agus bí ag réidhteach an leasaithe dhuit féin.”
Agus is é phreab go fonnmhar.
Do bhíomair tamall insa tigh nua agus sinn ag déanamh go maith agus sástacht orainn ann. An tigh deas glan, gan deatach, gan gal.
Ní ró fhada bhíomair lonnaithe ann san am gur ghaibh an galar triuch timcheall agus an bhruitíneach ’n-a teannta. Trí mhí thugas im’ shuidhe leis an gcuid ba mheasa de sna páistí, gan faic de bharr m’aimsire agam ach an bheirt dob’ fhearr aca do bhreith chun siubhail.
Dob’ ’in briseadh eile ar ár misneach, go bhfóiridh Dia orainn, agus dob’ fhada Éireann do bhí an cúrsa san ag teacht linn, dar ndóigh. Is dóigh liom, pé scéal agam-sa é, ná raibh an dubrón ag scarúint leis an máthair, olc ná maith; agus ó’n am san amach go raibh sí féin ag ceiliúradh, mar ná raibh sí buan agus nár mhair sí le bheith críona.
Seadh, tar éis an annróidh domh-sa do bhíos d’iarraidh me féin a chrothadh suas. Do bhuaileadh im’ aigne ná raibh aon leigheas ar na bearta san ach an méid foidhne do caithfí leo; agus do bhíos d’iarraidh tamall eile de’n tsaoghal a