bhaint amach—bliain mhaith ag teacht agus dhá bhliain ná bíodh ar fónamh.
Níorbh’ fhada na blianta ’n-a dhiaidh sin gur ghluais óigbhean uasal ó phríomh-chathair Éireann go dtí an t-oileán so ar a laetheannta saoire. Eibhlín Nic Niocaill dob’ í í; agus níorbh’ fhada do bhí sí ann an uair a ghlac sí páirtidhe cailín agus dob’ inghean dom do thóg sí de rogha. Do bhí an bheirt aca le ’chéile, annsan, tamall gach lá. Do bhíodh lá insa chnoc aca agus lá eile timcheall na trágha agus na fairrge agus an uair a bhíodh an aimsir bog brothallach thugaidís fé dhul ag snámh.
Lá dá rabhadar mar seo do bhí taoide ró-láidir rabharta ann agus an uair dob’ am dóibh druidim leis an dtalamh is ag imeacht uaidh a bhíodar nó go rabhadar tnáithte. Do ráinig mac liom ag baint na bprátaí insa gharraidhe i n-aice an tighe—i dtosach an fhoghmhair dob’ eadh é—mac go raibh ceol ann agus snámh d’á réir. Hocht mbliana déag d’aois a bhí sé agus do chonnaic sé an bheirt bhan insa tsnámh agus d’aithin láithreach gurbh’ iad a bhí ann agus go raghadh díobh teacht.
Do chaith sé uaidh a ramhan agus do ghaibh gach comhgar trí fhaill is cladach nó gur chuaidh ar an dtráigh. Níor bhain sé aon luid de, bróg ná faic, mar ná rabhadar ró fhada amach agus le linn dul go dtí an t-uisce dho chonnaic sé an bhean uasal ag dul síos.
B’eo amach é agus do labhair leis an drifír. Dubhairt léi bheith ’á coimeád féin ar barra go fóil go raibh an bhean uasal ’á bádh agus go raghadh sé ag fóirithint uirthi ar dtúis. Ach má chuaidh do thuit sé féin agus an bhean uasal le ’chéile. Fear eile a thug isteach an drifiúr agus gan innti ach an puth. Thóg na báid an bheirt eile le linn domh-sa agus Paidí teacht, mar ba ghnáthach linn, ó bheith ag iascach. Sid é an radharc do bhí romhainn.
Seadh, b’éigean dom seasamh leis an gcruadhchás so leis agus gabháil thríd.