an fear dob’ fhearr a bhí agam ag rith i ndiaidh caorach agus do baineadh insa tsiubhal é agus do leagadh, leis, agus do bhuail stocán cloiche le n’éadan agus do shil fuil mhairt. Ní h-é méid an ghearrtha ar fad é ach tá poll mór isteach ann agus is dócha gurb’ amhlaidh atá smut de’n gcnámh istigh briste.”
“Agus cad tá le déanamh anois agat?” arsa mise leis.
“Tá an sagart ’s a’ dochtúir bhuam,” ar seisean. “Ó tá an lá breagh faigh tu féin ullamh.”
“Bead-sa ort gan mhoill agus soláthair an chuid eile de’n gcriú,” arsa mise leis.
Ar dhul go Dúnchaoin dúinn dob’ éigean beirt a dhul fé bhrághaid an tsagairt agus do bhog beirt eile an bóthar go Daingean Uí Chúise. Diarmaid féin agus a dhritheáir Liam a chuaidh annsan. Mise agus Paid Shéamais a chuaidh ag triall ar an sagart. Do bhí bóthar deich míle rómpa san agus, geallaim dhuit, dul agus teacht de chois, gan capall ná searrach.
Ar shroichstint tighe na sagart dúinn do bhíodar as baile agus dob’ éigean dúinn ár suaineas a thógaint nó go dtánadar; agus thugamair i bhfad de’n lá ann. D’fhiafruigh an sagart paróiste dhinn an raibh an scéal dainnséarach agus dubhramair leis go raibh. Do socruigheadh go dtiocfadh an fear óg linn. Do bhogamair an bóthar roimis agus do bhaineamair as na cosa a raibh ionnta mar do bhí ’fhios againn go mbeadh an sagart romhainn, d’á fheabhas ár ndícheall, cé go raibh comhgar againn-ne.
Ar shroichstint calath Dhúnchaoin dúinn ní raibh an dochtúir fós tagaithe. Do bhí an lá meilte an uair seo. Ní mór an mhoill a bhí ar an sagart, áfach. Do chuireamair an bád ar snámh agus bhíomair ag bogadh linn nuair a tháinig an bheirt ar bharra na h-aille agus an dochtúir aca. Chasamair agus thógamair ar bórd iad. Do bhí an oidhche dubh insan am gur bhaineamair amach an t-Oileán. Dar ndóigh, dob’ éigean dúinn dul amach thar n-ais arís agus teacht isteach.