Page:An t-oileanach.djvu/23

This page has been validated.
13
AN t‑OILEÁNACH

insan éagcóir, ach féach gur luath do ceapadh an rógaireacht dom-sa.

Do ghaibh m’athair chun an bhríste arís, mar is é a dhein ar dtúis é, agus do shocruigh go cliste é go raibh sé oiriúnach chun gach gnótha as san amach, gan aon duadh.

Ocht mbliana, adubhairt mo mháthair, a bhíos an lá san. Lár-na-mháireach b’eo liom ar fuaid an bhaile agus Eibhlín i n‑éineacht liom ó thigh go tigh. Nós é sin do bhí an uair sin ann, an uair a bheadh ball nua nó culaith nua ar gharsún, dul is gach tigh. Bheadh pinginn is dhá phinginn le cur id’ phóca ins gach tigh. Ar theacht dúinn bhí trí scillinge insa phóca ghlas. Dom athair a thugas iad, is cuimhin liom, ’r a shon gur mheasa dhom mo mháthair ná é, mar is í is mó a fuair dem’ dhuadh; ach toisc m’athar a bheith ag ól an tobac agus gurbh’ é ghein an chulaith is do thugas iad.

Ní ró fhada go raibh tón an bhriste ghlais briste agam agus mo léine thríd siar. Dubhairt mo mháthair go gcaithfeadh sí paiste chur air sara raghadh sí a chodladh. Do dhein, leis, agus d’fhógair orm aire thabhairt do agus gan é bhriseadh arís go luath nó go mbeadh stráiméadh de’n tslait le fagháil agam. Fuaireas uaithe slán ar maidin é.

Do bhí an lá ana-bhreagh san am go raibh ubh circe thiar agam, cupa bainne agus pé rud a bhí agam leo—prátaí, is dócha. Níor chaitheas an méid sin i gan fhios do’n chailligh bhéal-dorais. Do bhí a cainnt sin ag atharú nuair a chonnaic sí go rabhas ag dul i gcruadhacht agus i n‑anamúlacht.

“A ghrádh ghil,” adeireadh sí lem’ mháthair, “teannuigh leis. Déanfaidh san fear maith fós.”

Ní raibh sí fíor san méid sin, leis, mar ní dubhairt aenne ó shin go raibh aon ghaol agam le hOscar. Is ar mhaithe léi féin a bhíodh sí ag crónán, ar nós an chait, mar thugadh m’athair gach sórt seilge chun an tighe leis ach ní raibh a fear féin oilte chun na neithe sin i n‑ao’ chor. Lútálaidhe cnuic is guirt dob’ eadh é. Leis sin, do bhuaileadh greim suaineasach do shíor léi ’ár dtigh-ne.

b