AN MHIN BHUIDHE
Captaen smaic an Daingin, an mhin ar bórd, an Gárda Cósta, teacht ’on Oileán ar éigean, ceannach na mbanbh.
Bliain ghorta insan Oileán, agus insa lán áiteanna nach é, dob eadh an bhliain sin agus do ghluais duine uasal ó phríomh-chathair Éireann ag cur tuairisc cá raibh an ganntar, agus do bhain amach an Blascaod. Thug sé ordú chun mine agus plúir go dtí an Daingean. Chuamair-ne ann ’á sholáthar.
Do bhí seana-thráléir insa chuan agus níor dhein sí faic le suim mhór aimsire. Do bhí faid duine d’fheamnaigh ag fás uirthi, miongáin, báirnigh agus iascáin. An seana-chaptaen go raibh maighistríocht aige uirthi do bhí sé féin cosúil le bheith i ndeallramh na luinge. An ribe féasóige d’fhás tríd amach agus é óg, do bhí an ribe sin ó shin i leith, gan aon chor a chur de, síos ar a bhrollach; agus níor dhóigh leat air gur bhuail aon deoir uisce leis féin ó bhliain an droch-shaoghail. Ní raibh aon lá ag teastáil de cheithre fichid bliain uaidh. Do labhair fear maith éigin i nDaingean Uí Chúise dho chun na bpingní a thabhairt le tuilleamh do féin agus d’á sheana-churachán nár bogadh as slab an chuain le cúig bliana roimis sin í.
Síneadh suas leis an gcé í. Ní ró fhada go raibh deire innti. Annsan do ghaibh gárdóir cósta an cé amach agus chuaidh chun cainnte leis an seana-chaptaen. D’fhiafruigh