bhaineas mo shúil de nó gur bhaineamair Dúnchaoin amach. Buidéil a bhí ann agus níorbh’ ionntaoibh aenne ’n-a gcomhgar san. Do bhí bosca an Rí Ceann Sléibhe siar agus gan é féin ach i mbéal Chuain an Daingin, mar a raibh radharc againn ortha.
Ní raibh puinn gaoithe chun aon luinge do bhogadh d’á fheabhas a bheadh sí ach ní rabhamair ach ar bhruach calaith Dhúnchaoin nuair a bhí briota maith ann di. Do bhrostuigheamair ar eagla go mbeadh an seana-chaptaen san Oileán romhainn, ó tháinig an ghaoth air, ach níor ghádh dhúinn an deabhadh. Nuair a thánamair ’on Oileán ní raibh aon radharc ar an árthach againn. Ag druidim leis an oidhche chuaidh daoine chun an chnuic féachaint an raibh sí le feiscint insa bhágh agus do bhí alpachán mar í os coinne bhéal Chuain Fionntrágha, anonn ’s anall di féin.
D’fhan duine as gach tigh insa bhaile ’n-a suidhe go maidean. Nuair a tháinig solas na maidine do bhí an seana-chnobalach luinge le feiscint age Ceann Sléibhe gan luid anairte anáirde uirthi ach tuairim leithead seáil mná ar gach crann léi.
Seadh, ba chuma cad é an gotha do bhí uirthi ó’n uair gur mhaireadar—leigeant di féin bheith ag treabhadh léi. Do chuaidh duine ag caitheamh a chuid bidh, duine thall agus duine i bhfus nó go sroichfeadh sí an calath.
Ach do réir mar bhí an mhaidean ag imeacht ní raibh sí ag teacht aon phioc níos giorra dhúinn. Ní ró fhada gur ghaibh cuid des na fearaibh anuas go bruach an chalaith agus do chuireadar ar bun dul ag triall uirthi le cúpla bád. Cuireadh naomhóg agus bád beag ar snámh de’n iarracht san mar ní raibh aon bháid mhóra ann an uair sin ná le fada roimis.
Nuair a shroicheamair an t-árthach ní raibh aenne ar bórd go raibh a chló féin air tar éis na h-oidhche dábur b’é an Rí féin é. Is amhlaidh a bhí an oidhche tugtha aca ag púmpáil uisce as an seana-thráléir, agus í fós ’n-a ghádh. B’éigean an seol mór a bhaint di ar eagla go scoiltfeadh an seana-