Page:An t-oileanach.djvu/234

This page has been proofread.

bhád as a chéile agus go raghadh sí fé chois ortha. Obair chruaidh iseadh bheith ag púmpáil luinge.

Do ceangladh dhá théid aisti agus mar do bhí an taoide linn ní ró fhada gur chuireamair ar an leabaidh anncaire í.

Do bhí hocht tunna idir mhin agus plúr innti, fóirithint mhaith do’n mBlascaod san am úd. An uair a chromamair ar é tharrac abhaile ba dhóigh leat gur pruais siongán an calath, gach nduine is a mála féin thiar air.

An uair d’fhág beirt an Oileáin an seana-phota luinge ní raibh de chriú annsan innte ach triúr; tugadh an t-anncaire ar bórd dóibh.

Níorbh’ é dearmhad an Rí gan tuarisc a bhosca a chur orm-sa nuair a chuas ar bórd an árthaigh chuige; agus nuair d’innseas do go raibh sé slán folláin sa bhaile roimis, do bhí sé ana-shásta agus d’imigh cuimhne annróidh na hoidhche dhe.


Seadh, má bhí tighthe an Bhlascaeid ar bheagán lóin roimis seo insa bliain, ní raibh san le rádh an lá san aca ó’n uair gur rith leis an bpota árthaigh í thabhairt chun cinn. Sean-fhocal iseadh é gur giorra cabhair Dé ná an doras. Ní bréag san, leis.

Do bhí an méid sin raghairse tagaithe, gan puinn coinne againn leis, agus dob’ é an chéad mhachtnamh eile a dheineamair ná go mbeadh fuar-bhlas tagaithe ar an earradh sara mbeadh a leath úsáidithe agus go mb’fhearr seift a chur ar bun chun tairbhe do bhaint aisti an fhaid do bheadh sí folláin agus dob’ é seift é ná dul agus banbhaí a cheannach, agus, an uair a bheadh deire na mine caithte, bheith ag cáiseamh arís.

Uair a chluig níor thóg an dlí sin nuair a bhí gach fear bearrtha agus balcaisí glana fáiscithe suas air agus a raibh de naomhóga san oileán ar snámh agus a n-aghaidh ar Dhúnchaoin. Ar shroichstint an chalaith dhúinn amuich bhí a raibh insa pharóiste romhainn ann mar cheapadar gur sochraid a bhí ag teacht agus gurbh ait leo nár chualadar aenne bheith marbh. Dhruid duine