chainnteach agus smuirt ’á bhaint aige as a ghunna breagh bán pípe.
“N’fheadar cad a tháinig le fear a’ tobac a chur ’sa phípeanna?” arsa mise leis, “gur baineadh an truist as ná feicim ó shin é.”
“Tháinig a shuaraidheacht féin leis ar dtúis, mar ná raibh sé i gcumas an ghnótha san a dhéanamh. Rud eile, do bhí buidéal pínt de bhiotáile ólta age féin agus ag an mbeirt bhan thall gur thuit sé anuas ortha agus gur thuit duine aca féin ’n-a dhiaidh.”
“Agus nach mór an seasamh ag an mnaoi thall é má chaith sí cion duine dho’n mbuidéal,” arsa mise leis.
“Sin í do fuair an buidéal ’n-a láimh ó fhear a’ tighe chun é riaradh ar an dtriúr aca agus is dócha go bhfuil a leath ’n-a corp féin.”
“Agus nach mór an díth-úmhaltacht a dheineadar ort-sa agus tu ar an bhfód,” arsa mise.
“Tá chúig bliana déag ó chuaidh aon bhraon im’ chorp do. An diabhal ’á bhreith bhuam!” ar seisean.
Do chonnac an chomhla i lár na cistean ar an bhfeag (feadh) so ach insan am go raibh na daoine créachta so, pé poll gur cuireadh chun suainis iad, socair suas aca, dob’ ’eo an té ar siubhal. Do bhí gach ní ann go rábach agus go flúirseach agus cead tarrac air—arán bán, subh agus té. Ní raibh im ann agus ní gnáthach a bheith i dtigh d’á shórt.
Ní rabhas féin ar an bhfear deire gur cuireadh go dtí an bórd é, mar do ghaibh fear an tighe chugham go luath agus do thóg leis me féin agus mo chathaoir agus do chuir i mbun mo bhirt me agus dubhairt sé—“Ní mar a chéile tusa agus aenne, táid sin age n-a dtighthe féin ach tánn tusa tamall uaidh,” ar seisean.
Do chaitheas scrabhadh dhe ach níor chuas thar mo riocht mar nár mhaith liom ceann a dhéanamh díom féin i n-áit d’á shórt go raibh an fear anoir agus an bhean aniar ann; agus má’s i n-oileán i lár na mara móire féin a cuireadh ’on