Page:An t-oileanach.djvu/244

This page has been proofread.

go ndeireadh fear againn go mairfeadh sé féin go deo ann.

Seadh, do bhí críoch curtha ar mhuca min na déirce agus ar na banbhaí a deineadh a cheannach aon lá amháin ar mhargadh Dhaingin Uí Chúise.

“Ba bhun tuiscionna d’aon duine ná leanfadh an sonas ná an rath iad,” arsan file liom, lá.

“Ach is beag an baoghal ná go dtabharfair-se bun led’ chainnt, dar ndóigh,” arsa mise leis.

“Ó, is mise atá deas air,” ar seisean, “le linn na mine seo theacht agus í chur go bun na dtighthe chughainn, agus ’n-a dhiaidh sin gach a raibh de bhanbhaí ar mhargadh an Daingin a cheannach chun í ithe, ba mhór an scéal é,” arsan file.

“Ach níl réidhteach do chainnte ó chiainibh tugaithe amach fós agat,” arsa mise.

“Níl ach taobh do; nár chualais riamh go mbíonn dhá innsint ar scéal. Le linn na mine agus na mbanbh san a theacht go dtí an t-Oileán so ní raibh de cheol i gCiarraighe ach é. Ní raibh fear ar chnoc ná fear i dtráigh, bean ar shráid ná age pobal ná gurbh’ é a n-allagar min agus banbhaí an Oileáin agus níor lean rath ná sonas riamh ar rud a théigheann i mbéal na ndaoine.”

“Is baoghal ná beidh muc ná banbh go deo aríst ann,” arsa mise leis.

“Is é sin an tuairim atá agam,” ar seisean.

Do bhí a thuairim fíor mar ní raibh muc ná banbh insa Bhlascaod ó shin. Dá bhfeicfeadh aos óg an Oileáin muc ná banbh insan áit seo do raghaidís ar gealtaighe.


Ó’s ag trácht ar an bhfile dhom é tá sé comh maith agam scéal a chur annso air.

Tá tuairim trí bliana déag ar fhichid ó cailleadh Seán Ó Duinnshléibhe. San Oileán a fuair sé bás tar éis a bheith