de ní raibh aon amharc ar aon pháirt de’n domhan againn le fearthainn agus gaoth.
Do chuireamair ár maidí i bhfearas agus dob’ ’eo le chéile sinn agus gan faic againn le déanamh toisc go raibh ár gceann fúinn agus sinn ag tarrac an lín, ach rud a dhéanamh ar an bhfear tosaigh i gcomhnaidhe. Do bhí a cheann san anáirde d’iarraidh radharc a choimeád ar an dtalamh, cé go raibh sé féin comh dall linn-ne sa deire ach ag dul ar amhras.
Fé dheire bhaineamair amach an áit d’fhágamair agus do bhí ceann de sna naomhóga eile romhainn ann. Sí seo a thug air sinn go raibh an t-iasc braithte aici. Do ghearruigh sí sin na líonta agus ní raibh ar a bórd ach a leath, san am so, agus gan puinn de thinneas na coda eile ortha ach iad buidheach go dtánadar slán. Ní raibh, ar feadh tamaill, aon tuairisc againn ar an dá naomhóig eile ach bhaineadar san, leis, amach sinn fé dheire.
Is é sin an chéad scannradh do rug orm riamh ar an bhfairrge ach níorbh’ é an ceann deire fós é. Is cuma, leis, mar gheall ar dhuine nó beirt mar do bheadh eagla go minic ar a leithéidí agus gan é bheith ar an méid do bheadh ’n-a dtreo; ach thug gach nduine d’á raibh isna naomhóga suas do’n oidhche sin é thar ar chuireadar riamh díobh le h-olcas.
Seadh, tar éis teacht ar an gcalath dhúinn do bhí bogadh mór ar an scríb agus dheineamair comhairle go mb’fhéidir go mbeadh deire na h-oidhche breagh agus ó bhí gnáth ag an iasc rith ar bharra an uisce go mb’fhéidir go mbuailfeadh foiscealach linn a thabharfadh díolaidheacht i n-ár mór-annródh dhúinn.
Sin mar bhí. Do chuireamair an rún san i bhfeidhm agus d’fhágamair na naomhóga agus gan iad ach saor ó’n uisce agus dob’ ’eo abhaile le gach nduine agus chaitheamair biadh i lár na h-oidhche. Do bhí an oidhche ag teacht anuas go h-álainn. An uair a bhíos féin réidh leis an mbiadh do bhuaileas amach fé dhéin an chalaith agus do bhí fear agus fear ag teacht as