Page:An t-oileanach.djvu/25

This page has been validated.
15
AN t‑OILEÁNACH

na lámh leo. Thug muinntir an Oileáin an mhuc dob fhearr a bhí ar an dtráigh dóibh sin agus do chuaidh na sé báid eile abhaile gan a mblaiseadh; agus cuid aca gur olc a bhíodar ábalta ar dhul.

Obair an domhain do bhí ar iad a thabhairt abhaile agus iad a chur ar salann. Ach is beag an leisce do bhí ar dhaoine, mar san am úd is fada go bhfaghfá ceann aca ar mhuic tighe. Bhí aghaidh m’athar dearg le n‑a chuid fola féin agus fuil na muc; ach níor chuaidh sé as m’aithne, mar bhíos cabanta an uair úd.

Do bhíos ag magadh fé’n tseana-chailligh an uair a thagadh sí agus cliabh mór de sna muca thiar ar a geidirne agus gur dhóigh leat gur amach as ceann de sna muca tháinig sí féin ’s an cliabh, bhí sí comh lán san d’fhuil. Ach do bhí céim chreidiúna tairricthe aici mar is beag nár mhairbh sí captaen báid ó Dhúnchaoin le buille ’shluasaid.

Ní raibh easba muicfheola lá agus bliain ortha tar éis an lae úd agus ní bheadh ná dhá bhliain mara mbeadh ar bhain leo de ghaolta is gach áit lasmuich go rabhadar. Ní raibh aon dul age cuimhne an lae úd scarúint liom dá mairfinn dhá chéad bliain: gach nduine do bhí le feiscint dearg le fuil, i n‑ionad do bheith bán nó buidhe. Rud eile, a ghiorracht do chuas féin do bheith marbh roim mhuic ná banbh ar an dtráigh, agus Máire im’ theannta, ba bhaoghlach, dá mbéarfadh an cogadh beag agus na muca orainn ann. Is againn-ne do chaith an chailleach a cuid bídh tar éis an lae.

 

Le linn me bheith ana-bheag do chloisinn trácht thar “Luing na Cruithneachtan.” Sompla eile iseadh í ar an rud a thagadh le h‑anaithe na fairrge agus a dheineadh maitheas dúinn-ne tar éis olc daoine eile bheith déanta thar fóir.

An bhliain do bhuail an t‑árthach so ar an dTráigh Bháin, ní cuimhin liom-sa san, mar ná rabhas ann ná súil go mbeinn. Ach tá eólas agam ar a h‑imeacht agus ar an méid do shábháil sí ó’n mbás sa droch-shaoghal, agus cúntas beacht agam