Page:An t-oileanach.djvu/251

This page has been proofread.

Do bhí ár ndóthain bídh agus ár ndóthain dighe caithte againn agus, fós, glór an airgid flaithiúil ’ár bpócaí.

Sarar fhágamair an baile mór do bhí tuairisc tagaithe chughainn go raibh buachaill an Oileáin go maith, agus a rádh le n-’athair teacht ’á iarraidh; agus cé go raibh sé siar go maith san oidhche an uair a shroicheamair an baile ní a chodladh a chuas gan dul lem’ dheagh-thuairisc go dtí m’shean-úncail, dar ndóigh.


Do bhí an Domhnach amáireach ann agus cheapas go mbeadh orm féin a bheith ar siubhal arís leis an úncail toisc gan an oidhche do bheith chun iascaigh ach do bhí tuiscint aige dhom agus níor bhac sé liom.

Seadh, do shroich an buachaill an áit fhág sé go déanach Dia Domhnaigh, agus do chuaidh a raibh insa bhaile ar a thuairisc, dar ndóigh. Ní raibh faic sa tsaoghal le braithstint ná le feiscint air ach oiread le h-aon lá riamh agus dubhairt gach nduine go raibh deire le n-a ghalar aige.

Ní raibh insa chainnt seo ach amhras agus bíonn an t-amhras amú uaireannta. Timcheall ráithe ’n-a dhiaidh sin do bhí daoine ’á bhrath air ná raibh sé ag fanúint staidéartha agus do bhí súil amuich age n-a mhuinntir ’n-a dhiaidh. Aon oidhche amháin agus gach a raibh sa tigh ’n-a gcodladh d’éaluigh sé amach agus ní raibh sé le fagháil ar maidin.

Is moch do bhí an t-úncail bocht chugham ar maidin agus níorbh’ é cuma fhir an ghrinn a bhí air. Do chuaidh gach nduine insa bhaile ’á lorg ach ní raibh sé le fagháil beo ná marbh, slán beo sinn! agus dob’ éigean an cluiche thabhairt suas.

Trí mhíle insa tsean-áireamh atá ar faid insan Oileán agus is é an Ceann Dubh is ainm de’n gceann is sia siar ó sna tighthe. Pé gnó a thug beirt fhear, lá, siar insan áit seo—ag fiadhach is dóigh liom a bhíodar—do bhí madraí aca. Do chuaidh na madraí isteach uatha fé chloich mhóir a bhí ann, do leigeadar fead agus trí fhead ach ní rabhadar ag teacht. Do phreab an bheirt le fánaidh agus ar fhéachaint isteach fé’n