TOSACH MO SHUIME SA GHAOLUINN
Na leanbhaí am’ mhúineadh, léigheamh na scéal, teacht Mharstrander, an fear nár bádh, an phiast mhór, an searc.
Suim bhlianta roimis sin do beirtí amuich orm ar an dtír móir go lán-mhinic i gcomhnaidhe insa dubhluachair. Insa tigh gur ghnáth liom stad do bhíodh a gclann ar scoil do shíor. Do bhí an teanga Ghaedhealach ’á mhúineadh ar scoil Dhúnchaoin san am san, comh luath le h-aon scoil i nÉireann, im’ thuairim. Do bhíodh clann an tighe seo ag léigheamh scéalta gan staonadh dhom gach uair a bheireadh orainn ’n-a dteannta nó go ráinig dúil agam féin insa ghnó agus gurbh’ éigean dóibh an leabhar a thabhairt dom féin agus duine aca ar a cheart do bheith ag meabhrú an achrainn dom do bhí ’á leanúint—litir buailte, litir sínte, litir chabhartha, fé mar atá.
Níor ró fhada a thóg sé uaim-se sa chao’ ná rabhas ag brath ortha chun mo scéal do léigheamh dom an uair a bhí eolas ar an ndeifiríocht agam. Toisc go raibh mo cheann lán di, agus má bheadh abairt bhacach ag teacht treasna orm, ní raibh agam ach é lorg im’ inchinn féin, bhí an réidhteach le fagháil agam ann gan bacúint le cách.
Ní fada go raibh leabhar agus leabhartha agam agus na daoine insan Oileán so ag teacht ag éisteacht liom ag léigheamh na sean-scéalta dhóibh agus cé go raibh lán-chuid díobh aca féin níor fhan aon bhlas aca ortha chun iad féin a bheith ’á rádh d’á chéile seachas an slacht a chuireadh an leabhar