Page:An t-oileanach.djvu/254

This page has been proofread.

ortha. Ba lán-fhada go mbeinn cortha de bheith ’á léigheamh dóibh san am san mar do bhí an gomh dearg orm féin chun dul chun cinn.

Ó’n am san amach do bhíodh cor-dhuine ag teacht fé dhéin an Oileáin seo.

I dtosach mí Iúil lá Domhnaigh thug naomhóg ó Dhúnchaoin duine uasal go dtí an Blascaod. Fear lom árd geal-chroicinn glas-shúlach dob’ eadh é. Ní raibh aige ach blaise na Gaoluinne ar a theangain. Do ghaibh sé trí sna daoine agus do bhrath sé iad agus tráthnóna do cheistigh sé cuid aca an mbeadh ionad ósta le fagháil aige. Dubharthas leis go raibh agus do réidhtigh é i dtigh an Rí agus do chuaidh thar n-ais gan a thuille rádh ná a dhéanamh.

Ní ró fhada dhe’n Luan go raibh a chip is a mheanaithí bailithe isteach aige. Cuireadh ceist air cad é an réasún nár fhan sé i bParóiste an Fhirtéaraigh agus dubhairt sé go raibh an iomarca Béarla thríd an nGaoluinn aca agus ná raibh san ag oiriúint do féin; go raibh mar dhualgas air scoth cheart na teangan d’fhagháil agus gur annso do bhrath sé an Ghaoluinn dob’ fhearr.

D’fhiafruigh sé dhe’n Rí cé an duine annso dob’ fhearr chun na teangan do mhúineadh dho. Do bheartuigh an Rí dho gur mise an té sin mar go rabhas ábalta ar í léigheamh agus go raibh Gaoluinn mhaith bhlasta agam sarar léigheas riamh í.

Do ghaibh sé chugham gan ró mhoill agus do cheistigh me. Do chuir leabhar chugham, “Niamh.” “Táir go maith, ach a’ bhfuil Béarla agat?” ar seisean. “Níl Béarla mór agam, a dhuine uasail,” arsa mise leis. “Déanfaidh san,” ar seisean.

An chéad lá do chuamair le chéile thug sé an teideal máighistir dom!

Carl Marstrandar dob’ é é. Fear breagh dob’ eadh é, uasal, íseal agus, dar ndóigh, is sin mar bhíonn a lán d’á sórt go mbíonn an fhoghluim go léir ortha. Chúig mhí do chaith sé insa Bhlascaod. Téarma insa ló do bhímís le ’chéile