ar feadh leath na h-aimsire, a dó nó a trí huaire ’chluig gach lá ach tháinig tuairisc chuige ná beadh an aga aige do ceapadh ar dtúis do agus annsan b’éigean do bheirt againn atharú dlí do chur ar bun. Do chuir sé ceist eile orm—ar bh’fhéidir liom dhá théarma insa ló a chaitheamh ’n-a theannta?
Tar éis gnó an lae do bheith déanta iseadh do théighinn go dtí é mar do bhíodh na h-oidhcheannta fada san am de’n mbliain do bhí ann. Do bhíodh seilg ar siubhal agus naomhóg agam féin, agus fear eile im’ theannta agus ní lobhálfadh súd do, aon aimsir, do chuirfeadh siar óm’ sheilg me, do chaitheamh leis. Níorbh’ fhéidir liom an tarna téarma a chaitheamh ’n-a theannta ach insa ló; ach mar sin féin connus a bheadh eiteach an duine uasail agam? Dubhart leis go ndéanfainn mo dhícheall do.
Dob’ ’eo le ’chéile sinn agus an uair a thagainn-se isteach chun dinnéir do théighinn go dtí é agus níor mhór ar fad a chuireadh an turus san siar insa tseilg me. Oidhche Nodlag díreach do shroich sé a bhaile dúthchais tar éis sinn d’fhágaint. Do chuir sé an t-ór buidhe chugham tar éis dul abhaile dho. Ní fhuaireas aon tuairisc air le fad’ an lá.
Tuairim na bliana 1909 iseadh bhí an Lochlannach, Marstrander, ’ár measc. Ní ró fhada ’n-a dhiaidh sin gur ghluais chughainn Tadhg Ó Ceallaigh. Gaedhilgeóir maith dob’ eadh é. Do bhíodh scoil Ghaedhealach gach tráthnóna i dtigh na scoile aige timcheall cúpla uair a chluig gach oidhche. Níor leigeas aon tráthnóna tharm gan a bheith ’n-a theannta.
An uair chéadna sin iseadh tháinig litir chugham ó’n Lochlannach lán de pháipéar chun ainm gach ainmhidhe ar an dtalamh, ainm gach éin sa spéir, ainm gach éisc sa bhfairrge agus ainm gach luibhe ag fás a chur chuige anonn go Lochlainn agus órdú agam gan baint le h-aon leabhar ach iad a litriú insa bhlas do bhí agam féin.
Seadh, ní rabhas ró oilte ar an dteangain a bhreacadh san am so agus, a bhuachaill mhaith, níor mhór dom a bheith go sár-mhaith chun na h-ainmneacha so go léir a litriú ceart. Do