an naomhóig. Do ghlan an naomhóg agus an fear aonair thríd an ngóilín soir agus as go bráth leis trí anaithe na h-oidhche. Dob’ olc an scéal é dá mbeadh leigheas air; ach ní raibh.
Do lean an gála ar shéideadh thar fóir i rith na h-oidhche agus do bhí an naomhóigín agus an fear ’á thiomáint ag an ngaoith roimpe treasna tré Bhágh an Daingin nó go raibh eadartha bó amáireach ann. Insan am san de ló iseadh séideadh isteach cuan Bhéil-Ínse é féin agus a naomhóg, gan mhaisle ná máchaill. Do glacadh go maith ann é; an scríb curtha dhe aige agus é ’n-a chaonaidhe aonair agus do bhí iongantas ortha conus nár chuir an scannradh féin chun báis é i rith na h-oidhche móire fada.
Tar éis teacht abhaile dhom féin b’éigean dom an doras amach do chur díom arís féachaint an raibh na daoine muinnteartha ar saor age baile; agus b’iad an chlann a chuir an méid sin cúraim orm, mar do bhí a n-úncailí féin ar an bhfairrge agus ca bhfios dóibh ná raibh an scríb beirthe ortha. Do bhí an bháisteach ag tuitim go tiugh fós gan aon sánas agus is ar mo dhearnacha dob’ éigean dom dul ó thigh go tigh aca. An uair a bhaineas mo thigh féin amach dob’in é an uair díreach do bhí sé ag breacadh agus é ag triomú. Do chaitheas díom anuas agus do bhaineas an leabaidh amach agus me tuirsithe, traochta agus níor mhór an aga go rabhas im’ chnap innti.
Lár-na-mhanathar an lae sin do chuaidh daoine ó’n mBlascaod amach go dtí an tír ag caoineadh an fhir bháidhte, mar do bhí saghas tórraimh ann. I lár an scéil istigh cé bhuailfeadh an doras isteach chúcha ach an fear féin. Thug long gaile treasna go Daingean é féin agus a naomhóg agus a líonta.
Do leath an scéal amach ar fuaid na tíre gur thuit so amach agus ní ró fhada gur tháinig duine ó’n rialtas agus do bhreithnigh an góilín. An uair a chuaidh sé thar n-ais ní fada gur cuireadh an obair ar siubhal agus bhí sé ar siubhal nó go raibh an góilín dúnta agus é níos aoirde ná aon áit eile mór dtimcheall air. Do bhí an obair tamall maith ar siubhal.