Page:An t-oileanach.djvu/259

This page has been proofread.

Thugas féin chúig púint déag aisti agus ní raibh agam ach págh fir agus breac-lá maith ná bínn, chuige, ann.


Do bhíos ag iascach oidhche tamall tar éis an ghóilín sa chalath a dheisiú. Oidhche bhreagh dob’ eadh í agus ní raibh orainn dul ró fhada ó bhaile. Pé scéal é ní raibh mórán éisc ag bualadh linn agus do bhaineamair amach an Tráigh Bhán agus thugamair cor ann. Ní fada do bhí na líonta curtha againn san am gur bhraitheamair umlosc ’á dhéanamh tamall siar insa líon. Dubhart féin leis an mbeirt eile go raibh rón insa líon agus má bhí aon mhairciréal ann go mbeadh sé ithte aige gan ró-mhoill; ach ní mór an tsuim do chuir an bheirt im’ ghlór agus do scaoileadar an scéal trí n-a gcluasa.

Ní ró fhada ’na dheabhaidh sin go ndubhairt an fear tosaigh go raibh diabhal éigin sa líon mar go raibh sé ag tarrac an lín agus na naomhóige leis go mear.

Ní raibh an focal as a bhéal san am gur tháinig conach ar an rud do bhí insa líon agus do thairrig leis na líonta agus an naomhóg tuairim míle slí agus ba bheag nár bháidh sé sinn de’n iarracht san ach go raibh fiche feadh de théid as ceann an lín agus dob’ éigean í leigeant leis go dtí an méid do bhí im’ láimh di.

Ní raibh faic le déanamh annsan ach na líonta leigeant leis agus ba mhór an cur chun deire ar iascaire bhocht é sin. Dubhairt an fear tosaigh tarrac ar an dtéid arís agus do dheineas agus thugamair smut de’n tsaighne ar bórd agus dob’ ’in é an uair do bhí an béarla againn le n-a chéile! Oidhche ghealaighe dob’ eadh í agus an uair a chonnacamair an allait ghroidhe tamall siar ó dheire na naomhóige tháinig an liathbhuidhe ar thriúr againn gan aon phioc feasa againn cad ba chóir ná ba cheart dúinn a dhéanamh. Dubhairt an fear tosaigh liom-sa gan na líonta a scaoileadh uaim, gurbh’ fhearr leis a bheith báidhte, féin, ná bheith gan líonta!

Do chaitheamair i bhfad mar sin agus b’éigean dúinn bheith