ag scaoileadh an lín siar agus aniar. Do bhí an phiast mhór agus na sé cinn de líonta casta uirthi ach aon líon amháin; agus an uair a thugadh sí a h-aghaidh le fánaidh dob’ éigean leigeant leis an dtéid gach uair nó go mbuailfeadh sí thíos ar an ngainnimh. Do bhíomair ag comhrac léi nó gur dhruideamair leis an gcalath. Do bhí scian mhaith ar oscailt agam i gcomhnaidhe chun tarrac ar an dtéid ach do bheadh san faillítheach agam dá raghadh an phiast chun buile.
Fé dheire do shroicheamair an calath mar do fuaireamair cabhair ó dhá naomhóig eile. Do bhí lán linne an chalaith innti. Ní ró fhada gur dhein sí umlosc ar an linn agus bháidh sí a raibh ann againn agus do bhuail sí clabhta de’n ioróig droma do bhí uirthi i gcoinnibh na cloiche. Do scoilt sí an chloch agus do bhain leath-tonna meadhchaint aisti. Is beag nár chuir sí chun báis a raibh ar an gcalath le scannradh an uair a thriomuigh sí. Do bhí ae innti do dhein solus do’n oileán go ceann cúig bliana. Do bhí obair ar na líonta bhaint di. Do bhíomair gan líon aici ach na téada, iad stolta stracaithe. Ní raibh triúr againn insa mhaith céadna ó shin, do bhí an iomad de’n annródh beirthe orainn. Do bhíomair báidhte mara mbeadh a ghiorracht do’n gcalath bhíomair.
Do bhíomair lá eile agus cloch róid ag coimeád na naomhóige agus doraithe againn ag marbhú éisc. Ní ró fhada gur ghaibh an searc fé bhun na naomhóige agus é anonn ’s anall gan é fhágaint, ná níorbh ’fhéidir é chur ó’n áit. Do bhí fear againn sínte treasna ar an dtochta agus gan dabht do bhí a dhá chois treasna amach thar gunail. Do bhíos féin i ndeire na naomhóige agus súil dár thugas cad a chífinn ná an searc agus a chraos ar leathadh aige agus é ag déanamh, bolg anáirde, fé dhéin na gcos. Do leigeas scread ar an bhfear láir a chosa tharrac. Do dhein de gheit. Do chuaidh a leath de’n searc anáirde as an uisce agus is beag nár bháidh sé sinn de’n scríb sin.
Dob’ éigean dúinn tarrac suas agus an talamh a bhaint amach; agus do lean sinn an fhaid a bhí dhá fheadh uisce aige.