Page:An t-oileanach.djvu/261

This page has been proofread.

Ní raibh aon mhaith insa lá san ionnainn ná ní raibh an misneach céadna go ceann seachtaine ’n-a dhiaidh againn.

N’fheaca aon phiast riamh ó shin i mbarra an uisce ná go dtiocfadh criothnú im’ chroidhe. Is minic do bhí naomhóg, agus bád, báidhte tar éis na h-oidhche agus, go minic, sa lá, agus théigheadh de sna daoine a dhéanamh amach cad a thagadh treasna ortha. Is é mo thuairim gurab oll-phiast mar seo a thugann fogha fútha agus an taobh síos a thabhairt suas dóibh. Is mó rud a bhíonn ag faire ar lucht na fairrge.