Page:An t-oileanach.djvu/262

This page has been proofread.
XXIV
SO AGUS SÚD

An seanntán amuich, an seanduine fiosrach, an talamh fé’n mBórd, tógáil na dtighthe nua, saoiste gan Ghaoluinn, cúrsaí creidimh, scoláirí na Gaoluinne chugham, an cogadh mór agus an luingeas raice.

Do bhí daoine go moch, maidean, amuich san áit seo agus cad a bheadh le feiscint ná an seanntán mór bán ar bhruach an chalaith amuich i nDúnchaoin. Dob’ ait linn an scéal cé go raibh an tiarna talmhan ag bagairt orainn go minic roimis sin. Dubhairt cuid againn gur báilí do bhí ann agus a thuille againn ’á rádh nárbh ’eadh. Pé bun a bhí leis an dtigh bán amuich ní raibh aon fhonn amach ar aenne ’gainn. Is beag ná go raibh cuid againn ag siollagar ’e cheal rudaí do bhí ag teastáil uainn.

Tháinig lá ana-bhreagh agus do bhí fear meán-aosta go raibh naomhóg aige féin, ná raibh ró mhór, agus dubhairt sé go raghadh sé féin amach dá mbeadh beirt shlatairí i n-éineacht leis. Dubhart leis go mb’fhearr dho fanúint age baile, ná raibh aon rud cóir amuich. Níorbh aon mhaith a bheith leis ó chuaidh sé ’n-a cheann. Fuair sé na slatairí agus do bhuail treasna an Bhealaigh amach. Duine beag tóstalach dob’ eadh é. Tor fé n-a smeigín fé mar bheadh ar cholaphoc gabhair.

Níor stad sé agus níor fhuar nó gur bhain sé amach calath Dhúnchaoin. Níor stad mo dhuine nó gur chuaidh sé i radharc an tseanntáin agus do fuair tuairisc láithreach gur fórsa chun an Bhlascaeid a bhí ann. Ní raibh sé sásta nó go