Page:An t-oileanach.djvu/263

This page has been proofread.

bhfeicfeadh sé cló an sórt fear a bhí insa tigh bhán. Do chuaidh sé i radharc bhéil an dorais agus do chonnaic sé cúpla gunna.

Do bhí fear mar é féin insa tseanntán, go raibh meigeall eile air, agud d’aithin sé go raibh an fear amuich cabanta ar an sórt gliúcaidheacht a bhí air ag féachaint isteach tríd an ndoras ag tabhairt gach ní fé ndeara. Níor dhein sé faic a bharra ach breith ar an ngunna agus é dhíriú amach air.

Ar fheiscint an fhuadair sin do’n bhfear amuich do chuir sé insa cosa ó’n dtigh bán agus thug aghaidh ar an gcalath go raibh an naomhóigín aige ann. Do lean fear liath an ghunna é chun go mbeadh greann aige air agus do leig sé pléar chun crith-eagla a chur ’n-a chroidhe.

Do ghlaoidh fear an Oileáin leis an dá shlataire go dtí an naomhóg. Do tharraigíodar ’n-a ndiaidh ó bharra taoide go lag tráigh í. Ar dhul ar snámh dóibh níor ró fhada gur bhrath na slatairí an sáile ag teacht go glúine ortha agus do bhéiceadar go rabhadar báidhte!

Cé nach fada ó’n dtalamh a bhíodar ní leigfeadh an fear aosta dhóibh casadh le h-eagla roimis an bhfear liath go raibh an gunna aige. Do chuir sé a bhest sa scoilt go raibh an t-uisce ag teacht agus garsún ’á taoscadh nó gur shroicheadar a gcalath féin.

Do ráinig liom féin a bheith rómpa. Do chuireas cúntas ar an bhfear aosta cad a bhí amuich ach dob’ é an freagradh ciotrúnta do fuaireas uaidh, “gurbh’ ’in iad amuich agam iad agus dul ar a dtuairisc.”

“Dubhart-sa leat gan dul ann,” arsa mise leis, “mar nár dhuine amuich ná istigh thu.” Do thógas mo dhearna agus thugas cnuig i bpoll na cluaise dho.

Tar éis dom deagh-chomhairle thabhairt dom’ dhailtín agus é ag imeacht ar maidin féach gurbh’ é an focal ba mheasa ’n-a phus a thug sé dhom tar éis teacht do. Níorbh’ é seo an chéad uair a thuit an sórt so, leis, amach agus féach gur chuir sé an t-olc chomh mór san orm nár thógas an dorn chun aenne eile an fhaid atáim ar an saoghal ach chuige. Agus do chuir