fear liath an ghunna an oiread san eagla air ná raibh sé insa mhaith chéadna ó shin.
Ar chloisint an scéil seo na mbáilí do sna h-oileánaigh do chuir sé trí n-a chéile go mór sinn. Go lán-bhocht do bhí furmhór a raibh ann insan am san. Do bhíomair teanntaithe mar ná féadfaimís dul i dtír i n-ao’ chor.
Ar chlos an scéil sin do’n sagart paróiste níor thaithin sé leis agus ní bheadh sé sásta nó go mbeadh fhios aige an raibh aon tseift le fagháil a thabharfadh fuascailt orainn. Do bhí Bórd na gCeanntar gCumhang ag tógaint talmhaintí sa dúthaigh le tamall roimis sin. Do chuir an sagart tuairisc amach féachaint arbh’ fhéidir leis an Blascaod a chur fé’n mBórd. Tháinig scéala chuige go mbeidís toilteannach le gabháil fé agus do chuir an sagart tuairisc chughainn a bheith amuich fé n-a bhrághaid gan mhoill mar go mbeadh feadhmanach ó’n mBórd ’n-a theannta insa lá do cheap sé. Do bhí an lá spriocálta ró láidir agus níorbh’ fhéidir dúinn dul sa ghnáth-chalath i dtír ach dul ar Chuas an Reithe. Do bhí an bheirt romhainn ann agus a ndrom le stocán.
Do bhíomair tamall ag cainnt leo agus iad linn nó gur chuireadar ceangailte ionnainn ná beadh an tigh bán aon lá eile le feiscint againn agus tar éis a lán a chur trí n-a chéile d’fhágamair slán age n-a chéile. Níor ró mhaith an lá ar muir againn-ne é agus ar ’shon gurbh’ é an talamh tirm a bhí aca san ní raibh sé le moladh aca le ceathanna sneachtaidh aniar dtuaidh ag baint na súl asta féin agus as an gcapall.
Ar shroichstint an Oileáin dúinn do bhí a raibh ann i bhfianaise an uisce féachaint cad é an tuairisc a bhí againn chúcha. Do bhí tuairisc mhaith agus thugamair dóibh é go sultmhar.
Lár-na-mháireach an lae sin do bhí an tigh bán ar lár agus ní ró fhada go raibh fear agus fear eile ag teacht ar ár dtuairisc ó’n mBórd. Seana-rádh iseadh é “gur giorra cabhair Dé ná an doras” agus “an rud is measa le duine ar domhan ná feadair sé ná gurab é lár a leasa é.” Dob