’in ionbhadh againn-ne i dtaobh an tighe bháin é. D’á mhéid an fuadar a bhíonn fé sna h-uachtaráin go minic cuireann comhacht an Árd-Mháighistir go minic i ndiaidh a gcúil iad.
Níor ró-fhada go dtáinig feadhmánach an Bhúird, do chuir suas a sheanntán agus thug tamall ár dteannta ag tomhas agus ag roinnt na talmhan. Is me féin a bhí i gceann an tslabhraidh aige. Do chuir sé ár n-ainm síos a bheith mar threóntaithe ag an mBórd agus a bheith sásta leis seo agus leis siúd. Thug sé saoiste leis agus a lán fearaistí i dtráléir ó’n nDaingean agus do chuir a lán oibre ar siubhal. An uair a bhí gach ní tairricthe amach aige do’n saoiste d’fhág sé i mbun gach gnótha é ach do thagadh ar cuaird anois agus arís. Thagadh fear airgid a dhíol uair sa choigcíos.
Thug an Bórd bliain go leith ag obair sa Bhlascaod an uair sin agus furmhór an bhaile ag obair gach seachtain agus lá. Dá scilling sa ló an págh do bhí againn—rud maith ag déanamh ár ngnótha féin.
A seacht-déag de scillingí insa mbliain do cuireadh ar an ngabháltas a bhí agam-sa, agus iseadh atá fós air, go raibh deich bpúint ’á dhíol insa tsean-aimsir age m’athair críona ann. Is mór an t-atharú ar an saoghal é sin.
Tógadh chúig cinn de thighthe nua insan Oileán. Is mise agus an saoiste a chuir le n-a chéile gach blúire dhíobh agus do bhíodh árd-obair age lán na beirte againn go minic mar do chaitheadh gárda adhmaid bheith leo i gcomhnaidhe mar is le grean atáid siad tógtha agus táthán tríd agus do bhí orainn iad a choimeád chomh díreach le barraille gunna. Sara rabhadar críochnaithe tháinig glaodhach ar an saoiste sin agus b’éigean do imeacht agus tháinig fear eile ná raibh aon chur amach aige ar thighthe dhéanamh. B’éigean domh-sa na tighthe chríochnú.
I dteannta gach aindise eile ní raibh aon tuiscint ar Ghaoluinn ag an saoiste nua so. Tháinig lá go raibh úrlár le cur isteach i gceann de sna tighthe nua agus do bhí ceathrar