Page:An t-oileanach.djvu/266

This page has been proofread.

ar an mbórd ag suathadh an mhuirtéil. Theastuigh ó’n saoiste órdú a chur ortha—an oiread san tátháin a chur thríd an oiread san grin. Ní raibh aon Bhéarla age lucht an mhuirtéil agus ní lugha bhí Gaoluinn ag an saoiste agus d’fhág san breallaighe ar an ngnó agus d’éirigh straidhn ortha chun a chéile. Do bhíos féin anáirde fé bhun na slinne ag plástaráil. Ní ró fhada go bhfeaca chugham é agus gan aon deagh-imeacht fé. “Tar annso anuas,” ar seisean, “tá an ceathrar so ar an gclár chomh dall le cheithre cinn d’asail.”

Do bhuaileas anuas dréimire mór fada agus thána go dtí an clár agus fuaireas fios an tranglaim. D’innseas dóibh sin cad a bhí ó’n saoiste dhéanamh. Do bhí an saoiste ag cur as. “Sin iad an ceathrar is daille a chonnac riamh,” ar seisean, “agus caithfead iad a bhriseadh as an obair.”

“Ach sé adeir an ceathrar,” arsa mise, “má’s maith leis an mBórd na tighthe seo a chríochnú go gcaithfear tusa chur as an obair agus duine a chur it’ ionad fhéadfaidh é féin a chur i dtuiscint. Is dall do leithéid annso,” arsa mise leis.

Ní raibh oiread píopaireacht’ ag an saoiste as san amach agus do bhíodh. Is dóigh liom gur chuaidh sé i bhfeidhm air gurbh’ é féin a bhí lochtach.

Do dhein an Bórd maisiúlacht a chur orainn insa tslí go bhfuil aithne a choda féin age gach nduine agus cosaint aige air agus gur féidir leis smut a chur i gcomhnaidhe gach uair is maith leis. Ní raibh an scéal mar sin againn roimis sin. Mara mbeadh an chomharsa chun cur le h-ais leat do bheadh ort stad mar ná féadfá aon chosaint a dhéanamh. Do bhíodh curadóireacht gach nduine ró bheag.

Níor tháinig aon tóir chíosa orainn riamh ó shin ach is baoghal ná beidh san mar sin i gcomhnaidhe. Táimíd ag dul i mbochte gach lá.

An uair do bhí an talamh socair suas ag an mBórd agus a ghort féin age gach nduine, thall agus i bhfus, feiste agus fáscadh ortha, ní raibh a bhac orainn ár ndóthain do chur agus