Page:An t-oileanach.djvu/27

This page has been validated.
17
AN t‑OILEÁNACH

ag bogadh, leis, aisti, comh luath agus do scoilt sí. Sé mo thuairim ná raibh aon mhála ’n‑a timcheall, gur caithte síos innti do bhí sí, mar bheadh gual nó salann; mar is ar an mbarrataoide is mó do dheinidís lámh ar í bhailiú. Is fada Éireann do sheasaimh roinnt ag teacht aisti dhi—chun caoth do thabhairt dóibh chun í shábháilt, adeireadh na daoine le n‑a chéile. Bhí ortha í nighe i n‑uisce chun an sáile do bhaint aisti, agus í chur le gréin ansan, agus as san i gcómhgar do’n teine. Cuirtí ag beirbhiú í nó go mbíodh sí leachta, ansan bhíodh sí ’n‑a praisigh reamhar. Baighreán a thugadh na daoine air. Pé rud eile do bhuaileadh leó, ba mhaith an chabhair chun maireachtaint é. Chloisinn an tseana-chailleach ag rádh go minic lem’ mháthair gurbh’ é an chuid is fearr dá saoghal do chaith sí féin riamh é—an fhaid do sheasaimh sí dhi. Bhí cír dhúbalta aici, agus an dá chorrán a’ meilt i n‑éineacht aici. Bhí sé ráidhte go mbíodh sí ag ath-chogaint ar nós na bó.

 

Le linn an bhríste ghlais a bheith orm agus me ag imeacht dom féin, do bhínn ag dul fé bhrághaid na mbád gach tráthnóna. Is é sórt éisc do bhíodh ann an uair sin ná séirdíní, agus do bhídís lán de chnámha. Tá ana-chosúlacht aca so le scadáin. Ní bhíodh aon mholadh age sna h‑iascairí ortha. Iasc mion, agus do théigheadh cuid mhór díobh chun púint; agus rud eile, lobhaidís na líonta. Do ghlaoidh m’athair isteach ’on bhád orm, tráthnóna, faid do bhí an t‑iasc ’á chaitheamh amach, agus do chuir sé ar an dtaobh thiar de me i ndeire an bháid. Bhíos a’ gliúmáil ansan, agus níorbh’ fhada go bhfeaca dorú agus smut de shéirdín ar a dhubhán. Cad deire liom ná gur chaith amach an baighte. Do chonnaic m’athair me ’á dhéanamh, agus níor chuir sé suim ann, mar cheap sé ná beadh aon iasc comh fada isteach do bhéarfadh ar an mbaighte.

Níorbh’ fhada go rug breac air, agus do bhí an dorú casta ar mo chosa. D’árduigh an breac amach ’on pholl me. Do scread a raibh ar an gcalath ar m’athair; ach, nuair do chas