Tháinig duine go dtí an t-Oileán so agus is mór mar lean sé dhe ó shin. “Bláithín” an ainm a thugaimíd air. Robin Flower ó Lonndain is é é. Do bhí faisnéis fachta aige ó Charl Marstrander roimis sin gur im’ theannta a bhí sé féin. Ar shroichstint na h-Éireann do’n bhfear maith so níor staon sé nó gur bhain sé amach an Blascaod Mór. Tá sé ag teacht gach bliain ó shin. Do chleachtaimís bheith i bhfochair a chéile ag scríobhadh. Do bhíodh cúpla téarma insa ló againn air. Thug sé tamall gach bliain ó shin im’ theannta chun gach focal d’á raibh scríbhte againn a chur le chéile as bhéal a chéile nó go raibh sé go réidh, socair.
Beidh cur síos insa leabhar san ar gach aindise dár thuit amach timcheall na mBlascaod, beag agus mór; an cruadh-chás do bheir ar chuid de sna daoine, ar an gcuma gur mhair cuid aca insna h-Oileáin bheaga ar feadh tamaill, an crut agus an cló do bhíodh ortha ionnta, an long bháidhte, an glór sidhe agus samhlaithe eile do bhíodh le feiscint go mion, minic, má b’fhíor iad.
An cailín inghine do bhí agam, í siúd a mhair tar éis lae na Trágha Báine, do bhí bean mhuinnteardha dhi sa Dún Mór agus ba mhaith leo í seo a bheith i mbéal an dorais aca. Chuaidh sí agus phós sí sa Dún Mór agus bhí áit mhaith aici.
Do dhein a h-imeacht san easnamh lán-mhór domh-sa. Do bhíos annsan gan aon duine chun aon chrích a chur orm, ach sinn go breallach ag tarrac an tsaoghail ’ár ndiaidh. Do bhíos im’ dhuirc dhubh dhubrónach ar scarúint na h-inghine liom.
Dosaon blian do mhair sí insa Dún Mór ’n-a dhiaidh sin. D’fhan seisear de pháistí óga ’n-a diaidh. D’á olcas do bhí gach scéal agam do bhuaidh scéal na h-uagha ortha ar fad.
Ní ró fhada do bhí an cogadh mór buailte insan am go raibh loingeas d’á shíneadh agus d’á threascairt ar an mór mhuir agus daoine stróinséartha ag teacht i mbáid béal-oscailte ós gach páirt de’n bhfairrge. Ní raibh insa tigh an uair sin